Micreamhodúil a forbraíodh go seachtrach
Micreamhodúil a d’fhorbair gníomhaireachtaí seachtracha
Is iondúil go gceaptar micreamhodúl Idirbhliana chun eispéireas foghlama dírithe a chur ar fáil laistigh de pharaiméadair Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, chun feabhas a chur ar an eispéireas foghlama don scoláire. Is féidir iad a cheapadh agus a chur ar fáil mar chomhpháirteanna aonair nó is féidir iad a cheapadh le comhtháthú i gcomhpháirteanna Idirbhliana eile.