|
Is féidir cruthanna 3-T agus 2-T a rangú agus a shórtáil de réir a gcosúlachta agus de réir airíonna simplí.
Tá cruthanna 2-T cothrom. Tá dhá dhiminsean acu, fad agus leithead.
Tá trí dhiminsean ag cruthanna 3-T, nó ag solaid, fad, leithead, doimhneacht.
Is féidir cruthanna a chur le chéile chun cruthanna agus/nó struchtúir eile a chruthú.
|
Is féidir cruthanna 3-T agus 2-T a dhealú, a aimsiú nó a rangú nó de réir a n-airíonna.
Is féidir airíonna geoiméadracha a chatagóiriú de réir siméadrachta, uimhir agus cineál na dtaobhanna nó na n aghaidheanna.
Déanann finte cruthanna cur síos ar chatagóirí na gcruthanna ag a bhfuil airíonna comhchoiteanna.
In amanna bíonn cuma réasúnta difriúil ar chruthanna atá mar chuid den fhine chéanna, nó bíonn réimse cruthanna laistigh díobh.
Déanann cúinne de chruth 2-T uillinn.
|
Is féidir cruthanna agus finte cruthanna a shórtáil agus a rangú i dtaca le hil-airíonna agus rialacha.
I gcás chruthanna 2-T, cuimsítear leis na hairíonna seo: siméadracht, taobhanna comhthreomhara nó ingearacha agus nádúr na n uillinneacha.
I gcás chruthanna 3-T, d’fhéadfadh go gcuimseofaí leis na hairíonna: líon na n aghaidheanna, na bhfaobhar agus na reann.
Is cruth 2-T le taobhanna díreacha atá i gceist le polagán. Tugann an t-ainm le fios cé mhéad taobh atá ag an gcruth. Maidir le polagán rialta, bíonn gach taobh cothrom lena chéile agus bíonn na huillinneacha uile cothrom lena chéile.
Tagann ainmneacha priosmaí agus pirimidí óna boinn pholagáin atá acu.
Is féidir imscrúdú a dhéanamh ar airíonna, ar rialacha agus ar thomhais crutha trí thógáil, trí dhíthógáil, agus trí dhioscadh.
Is léiriú é líonra de chruth 3-T a d’fhéadfadh a fhilleadh nó a chur le chéile chun an cruth 3-T a athchruthú.
|
Is beag liosta sainiúil atá ag cruthanna, a shainaithníonn a n airíonna. Is féidir iad seo a úsáid chun ceangail a fháil amach agus a dhéanamh idir ranganna de chruthanna.
Is féidir cruthanna 3-T agus 2-T a thomhas agus a thástáil do na comhairíonna agus rialacha.
Déantar suim na n-uillinneacha atá taobh istigh de chruth 2-T as líon na dtaobhanna atá aige.
Is féidir tomhais a dhéanamh amach nuair a fhaightear roinnt eolais faoi línte agus faoi uillinneacha.
Caithfear rialacha áirithe a leanúint chun eangacha, samhlacha nó struchtúir a thógáil ag bainte úsáid as cruthanna geoiméadracha.
|