|
Tá gnéithe ag rudaí gur féidir a thomhas ar nós fad, meáchan, toilleadh agus achar.
Is é ceann de chuspóirí an tomhais, chun rudaí a chur i gcomparáid.
Is féidir linn rudaí a chur i gcomparáid agus a chur in ord de réir aitreabúid faoi leith (méid fisiciúil) atá acu i gcomparáid lena chéile.
Cuirtear aitreabúidí in ord agus i gcomparáid lena chéile ach úsáid a bhaint as aonaid tomhais.
|
Tá bun-aonaid tomhais choitianta úsáideach chun comparáidí a dhéanamh agus a scrúdú.
Tá tionchar ag méid an aonaid roghnaithe ar an méid aonad a theastaíonn chun réad a mheas.
Is féidir linn méideanna a chur i gcomparáid, a mheas agus a chur in ord ach aonad cuí a roghnú agus ag fáil amach cé mhéad aonad atá ag an rud.
Is uirlisí iad ionstraimí tomhais (m.sh., rialóirí) chun méideanna nó aitreabúidí fisiciúla a mheas amhail fad, meáchan agus toilleadh.
|
Cuidíonn aonaid mhéadracha linn chun tomhais a shainmhíniú, a chur in iúl agus a ríomh le tuilleadh cruinnis agus beachtais i gcónaí.
Is féidir tomhais a dhéanamh níos cruinne ach aonaid mhéadracha a úsáid (iolraithe nó fo-rannta de bhunaonaid m.sh., km nó cm), ach a thabhairt faoi deara go bhfuil méid áirithe neastacháin bhunúsaigh ag baint le gach tomhas.
Tá an córas méadrach bunaithe ar iolraithe atá ag deich. Is féidir aon tomhas tugtha in aonad méadrach amháin (m.sh., cileagram) a athrú go dtí agus athainmnithe mar aonad méadrach eile (m.sh., gram).
Is féidir an caidreamh idir réimíreanna a thuiscint agus a chur i bhfeidhm ar bhealach cosúil leis sin thar aonaid dhifriúla tomhais.
|
Tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar an gcuspóir agus ar phraiticiúlacht nuair atáthar ag roghnú aonad agus ionstraimí chun tabhairt faoi thomhas.
Is minic a bhíonn baint ag cuir síos agus comparáidí le tomhas ar níos mó ná aitreabúid amháin.
Cuidíonn an caidreamh idir aonaid chothroma sa chóras méadrach linn chun breithiúnas a thabhairt ar aitreabúidí, chun bogadh go solúbtha idir aonaid agus chun ríomhanna a dhéanamh.
Forbraítear tuiscint ar thomhas de réir mar a cheanglaímid brí na n-aonad tomhais le tagarmharcanna tomhais sa ghnáthshaol.
|