|
Is socrú gnéithe é patrún a eagraítear de réir struchtúr nó riail atá sainmhínithe.
Is liosta rudaí nó gníomhaíochtaí é seicheamh a leanann a chéile de réir oird.
Is patrúin agus seichimh iad seo do ghnáthaimh agus imeachtaí laethúla agus is féidir tuartha a dhéanamh bunaithe orthu sin.
Déantar patrúin athfhillteacha d’aonaid athfhillteacha agus níl gnéithe randamacha iontu.
Is éard is brí le hairí suimithe agus dealaithe nialais, nuair a shuimítear náid le huimhir, nó nuair a dhealaítear náid ó uimhir, ní athraíonn sé an uimhir.
|
Is athrú comhsheasmhach agus intuartha é athrú cainníochtúil maidir le patrúin fásta agus laghdaithe.
Is féidir linn cur síos a dhéanamh ar struchtúr patrúin atá ag méadú nó atá ag laghdú, in abairtí focal nó in uimhir-abairtí, agus ár gcur síos a úsáid chun téarmaí sa todhchaí a thuar.
Agus duine ag fiosrú struchtúr na bpatrún atá ag méadú nó ag laghdú, tá sé úsáideach a fháil amach an méid atá ag athrú agus an méid atá ag fanacht mar atá.
Ciallaíonn airí cómhalartach an tsuimithe gur féidir ord na n-uimhreacha a athrú agus faightear an t-iomlán céanna.
Is féidir airíonna na n-oibríochtaí (m.sh. náid, cómhalartach) agus patrúin a úsáid chun fíorais uimhris a fháil amach nach bhfuil ar eolas againn bunaithe ar na fíorais uimhris atá ar eolas againn. Cuimsítear leis na samplaí: dúbailtí agus neasdúbailtí, inbhéartaí, suimiú 10, corruimhreacha agus ré-uimhreacha.
Insíonn patrúin uimhriúla an scéal faoi chaidrimh idir méideanna. Is féidir an caidreamh idir gnéithe i bpatrún a léiriú ach úsáid a bhaint as abairtí focal nó uimhir-abairtí.
|
Is féidir na léirithe a úsáid, chun caidrimh a léiriú agus a iniúchadh idir na cainníochtaí.
Tá léiriú ar chásanna lena n áirítear patrúin i bhfocail, in uimhir-abairtí, i léaráidí agus i ngraif úsáideach chun fadhbanna a réiteach nó chun luachanna a fháil amach le haghaidh imeachtaí neamhaithnide nó imeachtaí sa todhchaí.
Tá seicheamh geoiméadrach d’uimhreacha bunaithe ar iolrú nó ar roinnt. Faightear gach uimhir leantach ach an uimhir roimhe sin a iolrú leis an iolraitheoir coitianta.
Deir an t-airí comhthiomsaitheach nuair a shuimítear nó a iolraítear trí uimhir nó níos mó nach n athríonn an tsuim ná an toradh beag beann ar an mbealach ina ngrúpáiltear na huimhreacha.
Ciallaíonn airí dáileach gur féidir cothromóidí iolraithe agus roinnte casta a shimpliú ach ceann (i gcás na rannainne) nó an péire a bhriseadh síos isteach i gcodanna beaga.
|
Is féidir cur síos gonta a dhéanamh ar struchtúr pátrúin, nó ar airí na n oibríochtaí trí shlonn matamaiticiúil, mar shampla, an t airí cómhalartach: a+b=b+a.
Is féidir úsáid a bhaint as gnáthshuíomh saoil ag baint úsáid as focail nó siombailí chun fadhbanna a réiteach nó chun luachanna a fháil amach le haghaidh imeachtaí neamhaithnide nó imeachtaí sa todhchaí.
Is uimhir iomlán é slánuimhir a d’fhéadfadh a bheith dearfach, diúltach nó ina náid.
Is féidir slánuimhreacha a léiriú i bhfoirm chaighdeánach, easpónantúil nó is féidir iad a scríobh mar thoradh d’fhachtóirí.
Faightear uimhir chearnach nuair a iolraítear slánuimhir faoi féin. Sainaithníonn fréamh chearnach d’uimhir an méid a chaithfear a chearnú chun an uimhir a fháil.
|