Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

OSPS

Tá an comhairliúchán ar an Dréachtshonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte anois

Léaráid ar bhean ag taispeáint folláine phearsanta ach barróg a thabhairt ar a scáil féin

Is gearrchúrsa 100 uair an chloig é gearrchúrsa Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí. Dearadh é seo chun tacú le scoileanna an 100 uair an chloig d’fhoghlaim is gá san OSPS, ar riachtanas íosta é i ngach clár de chuid na sraithe sóisearaí, a sholáthar. 

Is é is aidhm leis an bhfoghlaim san OSPS ná cabhrú le scoláirí

  • féinfheasacht agus féinmheas dearfach a fhorbairt
  • an t-eolas, an tuiscint, na scileanna, na meonta agus na luachanna a fhorbairt a thacóidh leo saol sásúil sláintiúil a chaitheamh
  • an bhraistint a bheith acu go bhfuil sé ar a gcumas caidrimh mheasúla cheanúla a chruthú, a chothabháil agus a chothú leo féin agus le daoine eile
  • cur lena n-acmhainneacht chun cur go dearfach leis an tsochaí

Foilsíodh an gearrchúrsa seo den chéad uair in 2016 agus nuashonraíodh é in 2023.

Nóta: Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar shonraíocht 2023.