Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráitis foghlama (RF)

Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh a leanann conas is féidir ILC: Eolaíocht Fhóiréinseach a Fhiosrú a nascadh le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc sa tsraith shóisearach. 

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa

Déanann an scoláire cumarsáid éifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1 / TCÉ

RF 1

I ngach snáithe iarrtar ar an scoláire foirmeacha simplí a chomhlánú agus treoracha briathartha agus/nó neamhbhriathartha chomh maith le treoracha scríofa agus/nó pictiúrtha a leanúint chun tascanna a chomhlíonadh. Sainaithnítear agus déantar cur síos ar nithe agus bailítear iad mar fhianaise.  Tá sé tábhachtach i Snáithe 3 eolas a fháil agus achoimre a dhéanamh air chomh maith le tátal a bhaint as. I rith an chúrsa spreagtar scoláirí chun cumarsáid a dhéanamh mar bhall de ghrúpa. I Snáithe 4 tá deis láithreoireachta ann i suíomh rólimeartha amhail triail nó clár nuachta TF/raidió.

Breathnaíonn agus measann an scoláire imeachtaí agus próisis eimpíreacha agus baineann siad tátail astu agus tagann ar chonclúidí bailí.

RF 18
Ina aonar agus/nó i bpáirt le daoine eile téann an scoláire i gceann fianaise eolaíoch a bhailiú agus a chur i láthair, ag tomhas agus ag meá chomh maith le bheith ag cainníochtú agus ag seicheamhú trasna na snáitheanna uile. Bailítear fianaise freisin chun teacht ar chonclúidí bailí.

Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí ó na meáin dhigiteacha chun bheith ábalta obair agus smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar dhóigh fhreagrach agus eiticiúil.

RF 24

Úsáideann an scoláire teicneolaíocht dhigiteach ag an leibhéal cuí chun:  eolas a lorg; fianaise a thaifead (fianaise fhótagrafach i Snáitheanna 1 agus 2); clár scéalta a dhéanamh (Snáithe 3) agus b’fhéidir láithreoireacht dhigiteach a dhearadh nó cuidiú lena dearadh. (Snáithe 4). 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.