Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Taithí a fháil ar na hEalaíona

                      

  1. 1.1

    breathnú ar chuir i láthair ealaíne d’ardchaighdeán ó dhaoine eile, lena n-áirítear saothar ealaíontóirí gairmiúla, le taithí a fháil ar bharr feabhais

  2. 1.2

    anailís a dhéanamh ar an gcomhthéacs ina dtógtar cuir i láthair ealaíne trí bhreathnú agus rannpháirtíocht

  3. 1.3

    léirmheas a dhéanamh ar a bhfuil an fhoirm ealaíne a chur in iúl

  4. 1.4

    anailís a dhéanamh ar ábharthacht agus ar oiriúnacht an mhodha cumarsáide

  5. 1.5

    machnamh a dhéanamh ar a thaithí le bonn eolais a chur faoin tionscadal cruthaitheach aonair nó comhoibríoch a mbeidh sé páirteach ann

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 An ghníomhaíocht chruthaitheach chomhoibríoch a shainaithint
  1. 2.1

    éisteacht agus cur le smaointe daoine eile

  2. 2.2

    roghanna agus a n-impleachtaí a mheá 

  3. 2.3

    fianaise phraiticiúil a chur ar fáil ar láidreachtaí agus buanna a thugann sé chuig an ngníomhaíocht

  4. 2.4

    cur le measúnú na láidreachtaí sin chomh maith le cinn eile a shainaithint ba mhaith leis a fhorbairt

  5. 2.5

    cumas a léiriú machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas go dáta, ag baint tátal as agus ag léiriú a ábharthachta don tionscadal iomlán

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sainscileanna a chleachtadh agus a fhorbairt
  1. 2.6

    glacadh le freagrachtaí as ról atá oiriúnach dá chumais 

  2. 2.7

    taighde agus acmhainní oiriúnacha a úsáid a chuireann ar a chumas forbairt sa ról a roghnaíonn sé nó a shanntar dó 

  3. 2.8

    bheith ag obair go neamhspleách ar a chomhscoláirí agus i gcomhar leo 

  4. 2.9

    tiomantas a léiriú do spriocdhátaí a bhaint amach agus/nó freastal ar chleachtaí

  5. 2.10

    a léiriú go bhfásann a thacar scileanna thar imeacht aimsire

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Ár saothar a chomhroinnt
  1. 3.1

    cur go haonarach agus go comhoibríoch leis an taibhiú ealaíne le réiteach a bhaint amach ar na dúshláin ealaíne atá i snáithe 2

  2. 3.2

    cumarsáid a dhéanamh go hoiriúnach le comhscoláirí, múinteoirí, ceannairí agus leo siúd atá ag freastal ar an imeacht 

  3. 3.3

    scileanna a sealbhaíodh sa disciplín ealaíne roghnaithe a léiriú le taibhiú go héifeachtach ina ról roghnaithe

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Measúnú agus léirmheas
  1. 3.4

    machnamh a dhéanamh ar an gcur i láthair deiridh ar ghlac sé páirt ann, ag machnamh ar a ról agus ar ról daoine eile

  2. 3.5

    na scileanna agus an t-eolas atá sealbhaithe aige a shainaithint, ag cur friotail ar a n-inaistritheacht go réimsí eile dá fhoghlaim agus dá shaol

  3. 3.6

    cur le breithmheas cuiditheach ar shaothar a chomhscoláirí

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.