Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Sampla 02: Téama - Taiscí faoi cheilt

D’fhoghlaim an scoláire na scileanna, na hábhair agus na próisis a bhaineann le sraith priontaí líonóile dubha agus bána a dhearadh, a dhéanamh agus a phriontáil ar chúlraí éagsúla. Tríd an líníocht, shainaithin an scoláire líne, ton, cruth agus patrún ina fhoinse phríomha agus d’aistrigh sé iad go dtí a phriontaí.

Léirigh an scoláire a thuiscint agus léirthuiscint don cheird, tríd an bprionta ab fhearr leis nó ab fhearr ar éirigh leis a shainaithint agus, le nótaí, na cúiseanna leis sin a mhíniú.

Scrúdaigh an scoláire samplaí de dhéanamh priontaí stairiúil agus comhaimseartha a bhain lena phróisis agus obair féin.

 

example02cover.JPG

 

PDF ardchaighdeáin (62MB)

PDF laghdaithe (1.8MB)

PDF téacs amháin (0.2MB)