Sampla 05: Téama - Taiscí faoi cheilt
Roghnaigh an scoláire ceann amháin de
thrí rogha (Taiscí faoi cheilt/Solas agus scáth/Mo dhearcadhsa) agus d’oibrigh sé ó fhoinse phríomha a bhí bunaithe ar an téama sin. Dhear an scoláire agus chuir sé comhdhéanamh le patrúin athfhillteacha i gcrích ar pháipéar A2 nó ar fhabraic.
Bhí an scoláire ag foghlaim conas a fhoinsí príomha a bhreathnú, a thaifeadadh agus a anailísiú, trí líne, ton agus dath chomh maith le meáin éagsúla a úsáid. Rinne an scoláire taighde ar phatrún agus ar phrionsabail an dearaidh agus scrúdaigh sé saothar a bhí déanta ag dearthóirí patrúin clúiteacha.
D’úsáid an scoláire an tuiscint a bhí aige ar phatrúin a dhéanamh chun píosa dá líníochtaí a roghnú a bheadh oiriúnach le húsáid mar mhóitíf chun patrún athfhillteach a dhearadh.
Sa bhloc sceitseála Amharc-ealaíne bailíodh le chéile fianaise faoin bpróiseas, nótaí agus machnaimh maidir lena chinntí agus lena réamhobair, chomh maith leis an dearadh deiridh.
|
PDF ardchaighdeáin (63MB) PDF laghdaithe (1.3MB) PDF téacs amháin (0.2MB) |