Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Mo dhomhan digiteach: Tábhacht na ríomhairí sa tsochaí nuaaimseartha agus i mo shaol féin
  1. 1.1

    samplaí d’úsáid ríomhairí a chur i láthair agus a roinnt, agus plé a dhéanamh ar a dtábhacht sa tsochaí nuaaimseartha agus ina shaol féin

  2. 1.2

    cur síos a dhéanamh ar phríomhchomhpháirteanna córas ríomhaire (láraonad próiseála, cuimhne, príomhstóras, gléasanna ionchuir/aschuir, busanna)

  3. 1.3

    a mhíniú gur gléasanna iad ríomhairí chun cláir a rith trí theangacha ríomhchlárúcháin a úsáid

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Is códóir mé – céim ar chéim: An chaoi le tús a chur le ríomhchlárú agus le halgartaim bhunúsacha a fhorbairt
  1. 1.4

    algartaim oiriúnacha a fhorbairt le súdachód agus/nó le sreabhchairteacha

  2. 1.5

    cód a scríobh chun algartaim a chur i bhfeidhm

  3. 1.6

    croíghnéithe teangacha ríomhchlárúcháin struchtúrtha a phlé agus a chur i bhfeidhm, ar nós athróg, oibreoirí, lúb, cinntí, sannacháin agus modúl

  4. 1.7

    an cód a thástáil

  5. 1.8

    na torthaí a mheasúnú i ngrúpaí de bheirt nó de thriúr

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Naisc a dhéanamh: Is gairis cumarsáide iad ríomhairí
  1. 2.1

    na bunchoincheapa a bhaineann leis an idirlíon a phlé

  2. 2.2

    cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a niompraítear sonraí ar an Idirlíon agus ar an gcaoi a mbíonn ríomhairí i mbun cumarsáide agus comhoibriú trí phrótacail

  3. 2.3

    an chaoi a seachadann innill chuardaigh torthaí a mhíniú

  4. 2.4

    suíomh gréasáin a thógáil le teanga mharcála hipirtéacs (HTML) agus le stílbhileog chascáideach (CSS) chun a chuid foghlama a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Giotáin agus bearta: An chaoi a stórálann ríomhairí sonraí
  1. 2.5

    míniú a thabhairt ar an gcaoi a léiríonn ríomhairí sonraí ag úsáid 1nna agus 0nna

  2. 2.6

    an chaoi a léirítear líníochtaí agus grianghraif i ngairis ríomhaireachta a iniúchadh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Fadhbanna an fhíorshaoil: An Ríomheolaíocht do mo spreagadh
  1. 2.7

    ábhar nó dúshlán sa ríomheolaíocht a spreagann é a shainaithint

  2. 2.8

    taighde a dhéanamh ar an ábhar/dúshlán sin

  3. 2.9

    moladh a chur i láthair le haghaidh plé agus machnamh a dhéanamh ar aiseolas

  4. 2.10

    a chur ina luí ar a phiaraí go bhfuil fiúntas ag baint le smaoineamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Is códóir mé: Coincheapa níos casta i ríomhchlárú agus i smaointeoireacht ríomhaireachta
  1. 3.1

    cód a dhearadh go cruthaitheach agus a scríobh le haghaidh tascanna gearra ríomhchláraithe chun úsáid oibreoirí a thaispeáint le haghaidh sannacháin, uimhríochta, comparáide agus teaglamaí Boole

  2. 3.2

    tascanna gearra ríomhchláraithe a chur i gcrích le bunstruchtúir líneacha sonraí (m.sh. eagar nó liosta)

  3. 3.3

    an chaoi a ngabhann feidhmeanna agus/nó gnásanna (sainigh agus glaoigh) teibiú a thaispeáint

  4. 3.4

    cur síos a dhéanamh ar shreabhrialú cláir m.sh. sreabhrialú comhuaineach nó seicheamhach – ag brath ar theanga

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 An cód a dhoiciméadú: Doiciméadú agus anailís ar chód
  1. 3.5

    cláir a dhoiciméadú chun an chaoi a noibríonn siad a mhíniú

  2. 3.6

    an cód doiciméadaithe a chur i láthair dá chomhscoláirí i ngrúpaí beaga

  3. 3.7

    cód a anailísiú chun a fheidhm a fháil amach agus chun earráidí nó earráidí féideartha a shainaithint

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.