Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Spriocghrúpa

Is iad na scoláirí a bhfuil míchumas foghlama sa raon cumas idir éadrom agus íseal go measartha ard a thugann faoi CFL2.

Bainfidh na scoláirí sin tairbhe as CFL2 mar díríonn sé go sonrach ar fhorbairt agus foghlaim i réimsí amhail: litearthacht agus uimhearthacht bhunúsach, teanga agus cumarsáid, scileanna soghluaisteachta agus fóillíochta, comhordú luaile agus forbairt shóisialta agus phearsanta.

Bhainfeadh soláthar Plean Oideachais don Dalta Aonair (PODA), agus é i bhfeidhm go hiomlán, le go leor de na scoláirí seo. Cé nach bhfuil aon fhoinse sonraí chríochnaitheach aontaithe agus aitheanta ann ar a fhorleithne is atá riachtanais speisialta oideachais in Éirinn, measann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta go bhfuil riachtanais speisialta oideachais ag idir 18-25% de pháistí uile na hÉireann. Ní chuirtear gach uile scoláire ag a bhfuil míchumas éadrom foghlama ginearálta acu sa ghrúpa scoláirí atá á phlé againn anseo, mar sin seasann an spriocghrúpa le haghaidh céatadán an-íseal de na scoláirí uile a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is iad na scoláirí is dóchúla a bheidh sa chatagóir seo scoláirí a dteastaíonn Tacaíocht Scoile Móide uathu (Leanúntas Tacaíochta le haghaidh Iar-bhunscoileanna - Treoirlínte, An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, 2007)

Tá formhór na scoláirí in aois na sraithe sóisearaí sna catagóirí seo cláraithe i scoileanna speisialta. Tá scoláirí eile i ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna príomhshrutha agus tá roinnt díobh i ranganna cumais mheasctha sna scoileanna sin. I ngnáth-iar-bhunscoil d’fhéadfadh go mbeadh suas le beirt nó triúr de na scoláirí seo ann. Meastar go dtabharfaidh na scoláirí atáthar a phlé anseo faoi na CFL2anna i suíomhanna príomhshrutha chomh fada agus is féidir. Ar ndóigh, d’fhéadfadh go mbeadh teagasc i ngrúpaí beaga nó duine le duine níos oiriúnaí ó am go chéile.

Anois is arís, d’fheadfadh scoláire tabhairt faoi CFL2anna nuair is féidir a fhoghlaim a aithint in ábhar amháin nó in dhá ábhar ag Leibhéal 3 freisin. Ba cheart socruithe a chur i bhfeidhm le haghaidh na scoláirí sin chun tabhairt faoin bhfoghlaim sa dá leibhéal ionas go mbeifear in ann a ghnóthachtálacha uile a aithint.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.