Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Naisc úsáideacha

Baineann tabhairt isteach Cláir Foghlama Leibhéal 2 leis an tSraith Shóisearach nua a tugadh isteach i Meán Fómhair 2014. Chun forbhreathnú a fheiceáil den tSraith Shóisearach nua léitear:

Creat don tSraith Shóisearach (DES 2012)

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcúlra sa réimse seo féach an plépháipéar:

Creat Curaclaim don tSraith Shóisearach do scoláirí le Míchumais Foghlama Ghinearálta: I dtreo Plépháipéir (Márta 2009)

Treoirlínte do Mhúinteoirí Scoláirí a bhfuil Míchumais Foghlama Ghinearálta acu – Feictear tuilleadh anseo

Is é ról na Seirbhíse Tacaíochta d’Oideachas Speisialta (STOS)  feabhas a chur ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc i dtaca le soláthar an oideachais speisialta.  Tá acmhainní ar fáil ansin a chabhróidh le múinteoirí ina gcuid oibre le scoláirí a bhfuil RSO acu.

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar sholáthar na seirbhísí oideachais do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais de bharr míchumas agus béim ar leith ar pháistí.  Bíonn an Chomhairle ag plé le hiarratais ar thacaíocht, ceadaíonn sí acmhainní do scoileanna; comhordaíonn sí tacaí an tSeirbhís Oideachais agus Sláinte, agus coimisiúnaíonn sí clár taighde substaintiúil.

Tá suíomh gréasáin www.iatse.ie  ag Cumann Mhúinteoirí Oideachas Speisialta na hÉireann (IATSE) agus eagraíonn sé comhdháil bhliantúil.  Foilsíonn sé iris darb ainm Reach d’ailt ar cheisteanna a bhaineann le RSO. Faightear seaneagráin de Reach anseo.

Tá na torthaí do Chláir Foghlama Leibhéal 2 ailínithe leis na táscairí do Leibhéal 2 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC). Leigh na tuairiscíní le haghaidh Teistiúchán Leibhéal 2

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.