Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cláir Foghlama Leibhéal 2

Cuirfear dhá cháilíocht ar fáil sa tSraith Shóisearach nua. Déanfar an chéad cheann, a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Teastas Sóisearach reatha,  a ailiniú le Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC/NFQ).

Déanfar an dara ceann, a dhearfar do scoláirí a bhfuil sainriachtanais fhoghlama acu agus nach féidir leo faoi láthair tabhairt faoin Teastas Sóisearach, a ailiniú le Leibhéal 2 den CNC.Tá na Cláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2anna) agus an cháilíocht a bhaineann leo dírithe ar shainghrúpa ar leith scoláirí a bhfuil deacrachtaí ginearálta foghlama acu i gcatagóirí ard-fheidhmithe meánacha agus íseal-fheidhmithe éadroma. Grúpa fíorbheag scoláirí atá i gceist anseo (scoláire nó beirt sa scoil thipiciúil) a bhfuil Pleananna Oideachais don Dalta Aonair (PODA/IEP) acu go léir. Tógtar na Cláir Foghlama thart ar Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna/PLUs) a fhorbróidh scileanna bunata, sóisialta agus réamhghairme na scoláirí lena mbaineann. Féadfaidh scoláirí a thabharfaidh faoi Chláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2anna) tabhairt freisin faoi dhá ghearrchúrsa atá ailinithe le Leibhéal 2 den CNC.

Rinneadh na CFL2anna a fhorbairt le scoileanna atá ag obair cheana féin leis an ngrúpa seo scoláirí.  
Gearrchúrsaí le haghaidh Cláir Foghlama Leibhéal 2