Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Struchtúr abairte agus gramadach

< Ar ais go dtí Teanga ó Bhéal

Struchtúr abairte agus gramadach

Sentence structure and grammar

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste úsáid as guthaíochtaí aonair mar fhreagra ar spreagthaigh.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ráite aonfhoclacha agus nascann le guthaíochtaí iad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ráite ilfhoclacha agus frásaí coitianta gearra agus úsáideann abairtí bunúsacha agus é/í ag déanamh aithrise ar dhuine nó ag rá rudaí in éineacht le duine.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste abairtí iomlána bunúsacha agus labhraíonn go hinchloiste agus le friotal soiléir mar a oireann dá chéim forbraíochta.

Úsáideann an páiste nasc-fhocail le habairtí gearra a cheangal.

Críochnaíonn an páiste rainn choitianta agus déanann athrá ar rainn ghearra.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Cainteoirí dúchais:

Úsáideann an páiste an aidiacht shealbhach.

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha, an chopail, agus claoninsint le frásaí aitheanta.

Úsáideann an páiste an inscne chuí le hainmfhocail agus aidiachtaí i bhfrásaí aitheanta.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Páistí nach cainteoirí dúchais iad:

Úsáideann an páiste an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach in abairtí coitianta.

Úsáideann an páiste an tuiseal ginideach i bhfrásaí áirithe.

Tosaíonn an páiste ar an aidiacht shealbhach a úsáid.

Tosaíonn an páiste ar an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha, agus an chopail a úsáid le frásaí aitheanta.

Tosaíonn an páiste ar an inscne chuí le hainmfhocail agus aidiachtaí i bhfrasaí aitheanta.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste abairtí níos faide leis an ord ceart focal den chuid is mó, agus úsáideann bun-  Nascaigh
Nascaigh is ea focail a nascann ailt agus abairtí le chéile go loighciúil, bunaithe ar ghaol ama, cúis agus éifeacht, comparáid nó rud a chur leis. Nascann nascaigh smaointe le chéile agus taispeánann siad loighic an eolais. Acmhainní tábhachtacha is ea nascaigh chun téacsanna a chomhtháthú. Is féidir gaolta loighciúla a ghrúpáil mar seo a leanas:
am – chun am a léiriú nó smaointe a chur in ord (m.sh. an chéad, an dara, an chéad cheann eile)
cúis – chun cúis agus éifeacht a thaispeáint (m.sh. toisc, le haghaidh, mar sin)
eolas a chur leis – (m.sh. chomh maith leis sin, freisin, rud eile de, ina theannta sin)
comparáideach – (m.sh. de rogha air sin, mar mhalairt air sin)
coinníollach / faomhach – chun coinníoll a leagan síos nó rud a ghéilleadh (m.sh. mar sin féin, cé)
ag soiléiriú – (m.sh. déanta na fírinne, mar shampla)
 , iolraí agus forainmneacha simplí.

Bíonn an séimhiú agus an t-urú le sonrú sa chaint.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Cainteoirí dúchais:

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha, an chopail agus claoninsint níos minice.

Úsáideann an páiste an inscne chuí le hainmfhocail agus aidiachtaí nios minice.

Tosaíonn an páiste ag labhairt go hipitéiseach níos minice de réir a chéile ag úsáid clásal le ‘dá’ (modh coinníollach) i bhfrásaí áirithe.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Páistí nach cainteoirí dúchais iad:

Úsáideann an páiste an aidiacht shealbhach.

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha agus an chopail le frásaí aitheanta.

Úsáideann an páiste an inscne chuí le hainmfhocail agus aidiachtaí i bhfrásaí aitheanta.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach. Féincheartú ar bun.

Úsáideann an páiste réimíreanna agus forainmneacha ainmneacha agus cuspóireacha araon mar is ceart.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Páistí nach cainteoirí dúchais iad:
Úsáideann an páiste an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach in abairtí coitianta.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste aimsirí agus fuaimníonn go soiléir focail ilsiollacha.

Úsáideann an páiste réimse aidiachtaí chun mionsaothrú a dhéanamh ar an téacs.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Cainteoirí dúchais:

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach agus forainmneacha réamhfhoclacha (orm, ort, agam, agat, leis, léi etc).

Úsáideann an páiste an inscne chuí le hainmfhocail agus aidiachataí i réimse níos leithne.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Páistí nach cainteoirí dúchais iad:

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha agus an chopail níos minice.

Baineann an páiste úsáid níos minice as an inscne chuí i gcás ainmfhocal agus aidiachtaí le chéile.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste cáilitheoirí chun mionsaothrú a dhéanamh ar abairtí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste clásail agus cáilitheoirí chun tacú le freagraí.

 

Tréithe Breise Gaeilge - Páistí nach cainteoirí dúchais iad:

Úsáideann an páiste an tuiseal tabharthach, forainmneacha réamhfhoclacha agus an chopail níos minice.

Baineann an páiste úsáid níos minice as an inscne chuí i gcás ainmfhocal agus aidiachtaí le chéile.

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste tuiscint ar an tionchar atá ag cineálacha agus faid éagsúla abairtí nuair a bhítear ag éisteacht agus ag labhairt.

Úsáideann an páiste gramadach go héifeachtach (mar shampla, forainmneacha coibhneasta agus aidiachtaí, clásail, cáilitheoirí, modhnaitheoirí agus nascfhocail) chun smaointe simplí agus casta a chur in iúl, lena n-áirítear moladh a chur chun cinn, hipitéisiú agus ceapadh teoirice.

Gníomh an pháiste...

Léiríonn an páiste tuiscint nach bhfuil gnásanna struchtúr abairte agus gramadaí chomh daingean sa teanga labhartha (seachas scríofa) agus bíonn siad éagsúil, ag brath ar an lucht éisteachta, ar an gcúis agus ar an teanga a bhíonn á labhairt

Roghnaíonn an páiste an teanga agus na struchtúir is feiliúnaí don fheidhm, don lucht éisteachta agus don teanga a bhíonn á labhairt.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.