Feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
Súgradh le fuaimeanna agus iad a aithint agus a ionramháil, e.g., siollaí, rím, túsfhoghair agus foghair dheiridh agus fóinéimí i bhfocail labhartha. Fuaimeanna i bhfocail atá i dtéacsanna Gaeilge, Béarla agus i dteangacha eile a aithint. |
Comparáid a dhéanamh idir fuaimeanna agus pátrúin i bhfocail i seánraí éagsúla trasna an churaclaim. Fuaimeanna i bhfocail atá i dtéacsanna Gaeilge, Béarla agus i dteangacha eile a aithint agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Canúintí agus blasanna i dtéacsanna a aithint agus a phlé. |
||