Cuspóir, seánra agus guth
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
Taithí a fháil ar ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs agus réimse seánraí, freagairt dóibh agus roghanna agus tuairimí ina leith a chur in iúl. |
Taithí a fháil ar ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs agus ar réimse níos leithne seánraí, freagairt dóibh, agus roghanna agus tuairimí a chosaint. |
Gnéithe de théacs a chuireann cuspóir,
Seánra Freagairt do ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs i seánraí éagsúla trasna an churaclaim. A gcuid tuairimí agus roghanna ar na gnéithe sin a chosaint agus údar a thabhairt leo. |
An tionchar a bhíonn ag cultúr agus féiniúlacht ar chruthú téacs i réimse seánraí a aithint agus a fhiosrú. Machnamh criticiúil a dhéanamh ar an bhfreagairt a thug siad do ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha téacs i seánraí éagsúla trasna an churaclaim. |