Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
tuiscint a fhorbairt ar fheasacht ar spásúlacht maidir lena gcoirp agus a ngarthimpeallacht. cur síos a dhéanamh ar ghnéithe spásúla de rudaí, chomh maith lena suíomh coibhneasta sa spás. |
eolas spásúil a úsáid ar mhaithe le treoshuíomh agus loingseoireacht. suíomh a shamhlú agus a shamhaltú trí úsáid a bhaint as comhordanáidí siombalacha. |
cur síos a dhéanamh ar threoracha treo agus suíomh, iad a léirmhíniú agus a thaifeadta. uillinneacha a chur i gcomparáid agus a rangú, agus iad a aithint mar airí a bhaineann le cruth agus mar chur síos ar chasadh. |
cur síos a dhéanamh ar shuíomh ar an bplána comhordanáideach iomlán. mapaí de réir scála a léirmhíniú agus líníocht de réir scála a chruthú. |
|
Is féidir gnáth-theanga na cumarsáide a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar ionad agus treo coibhneasta réad agus daoine (coibhneasta le réada agus daoine eile). Is féidir breathnú ar shuíomh éigin ó dhearcthaí difriúla. D’fhéadfadh aonaid neamhchaighdeánacha a bheith úsáideach chun treoracha níos cruinne a chur ar fáil don ghluaiseacht. Is féidir léarscáileanna simplí agus / nó líníochtaí a úsáid chun gluaiseacht na rudaí a rianú. |
D’fhéadfadh teanga níos foirmiúla a bheith ina cabhair orainn cur síos a dhéanamh ar an ionad agus ar an treo níos pointeáilte, m.sh. teanga na n-airde compáis. Is féidir suíomh na rudaí a chur in iúl ar léarscáil, le/gan córas eangaí. Is féidir córas eangaí de línte cothrománacha agus ingearacha, atá lipéadaithe le litreacha agus uimhreacha, a leagan ar léarscáil agus a úsáid chun suíomhanna a shainaithint. Nuair atáthar ag tarraingt léarscáileanna de shuíomhanna, tá sé riachtanach smaoineamh ar mhéid coibhneasta agus ar ionad na bpríomhghnéithe. |
Is féidir cur síos a dhéanamh ar threonna agus ar ionaid le mionchruinneas méadaithe, ach úsáid a bhaint as tomhais níos foirmiúla achair agus treo (60 km soir) chomh maith le comhordanáidí simplí tagartha eangaí (A6). Tá bealaí éagsúla ann chun smaoineamh ar uillinneacha, lena n áirítear: Tá 360 céim i gcasadh iomlán. Déantar méid an chasaidh a thomhas i gcéimeanna. Baintear úsáid as leath de chasadh iomlán (180 céim) agus ceathrú de chasadh iomlán (90 céim) chun uillinneacha a rangú. Is féidir achair gharbha a ríomh ach machnamh a dhéanamh ar an achar a léiríonn gach ceall ar an eangach. |
Is féidir cur síos a dhéanamh ar ionad beacht ar léarscáil agus an t ionad a fháil ach úsáid a bhaint as comhordanáidí. Is féidir achair ar léarscáileanna agus roinnt pleananna a fháil amach as scála a úsáid. Is féidir úsáid a bhaint as an gcaidreamh idir tomhais uillinne agus comhordanáidí compáis chun treo a mharcáil go cruinn. Tá x-ais chothrománach agus y-ais chothrománach ar an bplána comhordúcháin. Sainaithníonn na comhordanáidí suíomh pointe. Cuimsítear leis na comhordanáidí péirí uimhreacha, a léiríonn an t achar ar fud na x-aise agus na y-aise faoi seach. |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Feasacht ar spásúlacht agus suíomh
-
Moltaí maidir le heispéiris foghlama
Ábhar tacaíochta
-
-
Moltaí maidir le príomhtheanga
Ábhar tacaíochta
-
Moltaí don timpeallacht foghlama
Ábhar tacaíochta
-
Moltaí don fhoghlaim sa bhaile
Ábhar tacaíochta
