Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
an méid a tharlaíonn nuair a fhoroinntear agus nuair a chónaisctear cáinníochtaí (tacair) a aithint agus a thuiscint. |
réimse straitéisí suimithe agus dealaithe a roghnú, a úsáid agus a chur i láthair. |
na ceithre oibríocht a thuiscint agus a chur i bhfeidhm go solúbtha; chomh maith leis na coibhneasa eatarthu. |
cur le réimse straitéisí oibríochta agus an réimse céanna a roghnú agus a úsáid. |
|
Is féidir cainníochtaí (nó tacair) a roinnt nó a chur le chéile. Déantar an uimhir (cainníocht) níos mó nuair a chuirtear uimhir aiceanta le huimhir aiceanta. Déantar an uimhir (cainníocht) níos lú nuair a bhaintear uimhir aiceanta as uimhir aiceanta. Is féidir é seo a chur in iúl mar bhogadh ar an uimhirlíne nó ar an 100-chearnóg. Ní athraíonn slánuimhir nuair a chuirtear náid leis an uimhir sin ná nuair a bhaintear náid aisti. Tá gaol inbhéartach idir an suimiú agus an dealú. |
Is iad airíonna suntasacha an tsuimithe ná cómhalartach, comhthiomsaitheach, féiniúlacht an tsuimiúcháin agus dáileach.
|
Baineann airíonna cómhalartacha, comhthiomsaitheacha agus airíonna dáileacha le hoibríocht an iolrúcháin. Sainmhíniú amháin ar an iolrúchán is ea líon áirithe grúpaí den mhéid chéanna. Is léiriú luath den iolrúchán é an suimiú leantach. Tá na prionsabail a úsáidtear nuair atáthar ag déanamh oibríochtaí ar shlánuimhreacha an chosúil le haghaidh uimhreacha deachúla, agus teastaíonn machnamh ar an gcaoi chun an pointe deachúlach a láimhseáil. Is féidir cur síos a dhéanamh ar roinnt mar an uimhir a scaradh i gcodanna agus i ngrúpaí cothroma, nó an dealú leantach uimhreach. Tá gaol inbhéartach idir an t-iolrú agus an roinnt. Is féidir le húsáid áireamháin fócas méadaithe ar straitéisí a ligean trí fhócas ríofa a laghdú. |
Tá meastachán agus slánú úsáideach chun réasúnaíocht na bhfreagraí a thástáil i gcomhair oibríochtaí atá níos casta. I gcás ríomh codánach agus deachúil, teastaíonn algartaim nua agus leasaithe de bharr go bhféadfadh go mbeadh sé deacair roinnt bríonna le hoibríochtaí slánuimhreach a chur i bhfeidhm. Tá dhá fhachtóir ag uimhir phríomha - í féin agus a haon, tá trí fhachtóir nó níos mó ag uimhir ilchodach. Ní uimhir phríomha ná ilchodach atá i gceist le huimhir a haon. Is fachtóirí iad uimhreacha a iolraíonn faoina chéile chun toradh a thabhairt. Tagann iolraithe chun cinn de thoradh ar shlánuimhir a iolrú faoi shlánuimhir (bíodh an uimhir sin aiceanta nó diúltach). |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Tacair agus oibríochtaí
-
Tacair agus oibríochtaí: Moltaí maidir le heispéiris foghlama
Ábhair tacaíochta
-
Tacair agus oibríochtaí: Moltaí don teagasc
Ábhair tacaíochta
-
Tacair agus oibríochtaí: Moltaí maidir le príomhtheanga
Ábhair tacaíochta
-
Tacair agus oibríochtaí: Moltaí don timpeallacht foghlama
Ábhair tacaíochta
-
Tacair agus oibríochtaí: Moltaí don fhoghlaim sa bhaile
Ábhair tacaíochta
