Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
cur síos agus scrúdú a dhéanamh ar intuarthacht, agus ar chinnteacht agus éiginnteacht in imeachtaí. |
dóchúlacht a úsáid chun cinntí agus tuartha feasacha a dhéanamh. dóchúlacht a léiriú agus a chur in iúl ar bhealaí éagsúla. |
||
|
Tá seansúlacht ag baint le himeachtaí gnáthshaoil. Is mó seans go dtarlóidh imeachtaí áirithe ná imeachtaí eile. Más beag an seans go dtarlódh rud éigin, tá dóchúlacht íseal aige. Más mór an seans go dtarlóidh rud éigin, tá dóchúlacht ard aige. Is féidir le torthaí tuartha nó torthaí a bhfuiltear ag súil leo a bheith difriúil ó na fíor-thorthaí. Agus an seans á iniúchadh, is féidir cinnteoireacht agus tuartha a dhéanamh faoi imeachtaí agus cúrsaí gnáthshaoil. |
Is féidir dóchúlacht a léiriú ar scála idir 0 – 1. Seans nach mar a chéile an dóchúlacht tástála go dtarlódh rud éigin agus an dóchúlacht theoiriciúil. Is féidir an dóchúlacht go dtarlódh toradh faoi leith a léiriú mar chodán, i bhfoirm dheachúlach, nó mar chéatadán. Tá gach toradh féideartha maidir le turgnamh i spás samplach. Is féidir cur síos a dhéanamh ar dhóchúlacht i dtéarmaí comhréireacha agus ríomhtar í ach an méid bealaí gur féidir an toradh i gceist tarlú a roinnt ar an méid iomlán torthaí. De réir mar a dhéanann tú triail arís go neamhspleách go leor uaireanta, éiríonn an meántoradh níos gaire don luach ionchais. |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Seans
-
Seans: Moltaí maidir le heispéiris foghlama
Ábhar tacaíochta
-
-
-
-
