Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
míniú na siombailí nó na bpictiúr a léirmhíniú in uimhir-abairtí. |
fadhbanna a bhfuil luachanna aithnide agus neamhaithnide acu a chur i láthair agus a chur in iúl ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear siombailí litreach nó focail chuí. |
cásanna matamaiticiúla a chur in iúl, a léiriú agus a réiteach trí úsáid a bhaint as sloinn agus cothromóidí a bhfuil siombailí litreach iontu. |
|
|
Is féidir gnáthchúrsaí an tsaoil a léiriú ach láimhseoga, léaráidí agus abairtí focal agus uimhir-abairtí a úsáid. Cuireann comhartha cothroime (=) cothroime in iúl, ach cuireann ≠, < agus > éagothroime in iúl. In uimhir-abairtí (cothromóidí), is féidir le siombailí seasamh d’iarraidh chun rud éigin a dhéanamh (+, -, x, ÷), is féidir leo caidreamh a léiriú (=, <, >, ≠), nó d’fhéadfadh gur rud anaithnid iad nó rud a athraíonn. In uimhir-abairt, is féidir fíorais uimhris a úsáid mar chúnamh chun luach neamhaithnid a fháil. |
Nuair atáthar ag léiriú gnáthchúrsaí an tsaoil, is féidir siombailí a úsáid chun uimhir anaithnid, méid a athraíonn (athróg), nó gach uimhir (an cás ginearálta). Is féidir cásanna gnáthshaoil agus feidhmeanna a chur i láthair i réimse d’fhoirmeacha, lena n-áirítear, uimhreacha, focail, siombailí agus táblaí. Is caidreamh speisialta í feidhm ina bhfuil aon toradh amháin ag gach ionchur. Tá trí phríomhpháirt i gcónaí ann, an t-ionchur, an caidreamh feidhme agus an toradh. Tá sé áisiúil feidhm a léiriú ach úsáid a bhaint as focail, siombailí, graif, táblaí nó léaráidí chun torthaí a shainaithint le haghaidh ionchuir faoi leith agus an bealach eile thart. |
Is féidir cás gnáthshaoil a léiriú le slonn nó sraith slonn. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó ná uimhir neamhaithnid amháin nó athróg amháin ag slonn. Ní mór gach uimhir neamhaithnid nó athróg a léiriú le siombail faoi leith. Agus slonn á chruthú chun cás gnáthshaoil a léiriú, féadfar slonn fada nó casta a shimpliú agus is féidir leis sin a bheith úsáideach. Agus cothromóid á ‘réiteach’ ní mór na luach(anna) a fháil amach don tsiombail atá i gceist a fhágann go bhfuil an chothromóid fíor. |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Sloinn agus cothromóidí
-
Moltaí maidir le heispéiris foghlama
Ábhar tacaíochta
-
-
Moltaí maidir le príomhtheanga
Ábhar tacaíochta
-
Moltaí don timpeallacht foghlama
Ábhar tacaíochta
-
Moltaí don fhoghlaim sa bhaile
Ábhar tacaíochta
