Aidhm Tá sé mar aidhm ag staidéar ar Ghrafaic na sraithe sóisearaí: cruthaitheacht, inniúlacht spásúil agus cumas réasúnaíochta agus cumarsáide smaointe an scoláire a fhorbairt, trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí réitigh fadhbanna geoiméadracha teibí agus feidhmeacha forbairt na scileanna cognaíocha agus deaslámhachta praiticiúla a bhaineann le cumarsáid ghrafach a spreagadh léirthuiscint do ról na grafaice sa domhan mórthimpeall air a chothú a chur ar chumas an scoláire breithiúnas a dhéanamh faoin modh is fearr chun a chuid smaointe agus réiteach a léiriú táirgeadh líníochtaí a chuireann scileanna cumarsáide chun cinn trí ghrafaic a spreagadh scileanna cognaíocha agus praiticiúla an scoláire a bhaineann le samhaltú agus cumarsáid ghrafaic a fhorbairt.