Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Tacar Uirlisí

Cuireann Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile tacaíocht phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí maidir le heispéiris foghlama shaibhre a chruthú do pháistí. Is iad coincheapa matamaiticiúla, contanaim dul chun cinn, ábhair thacaíochta agus samplaí d’fhoghlaim na bpáistí gnéithe an tacair uirlisí. 

Meastar gur príomhsmaointe iad coincheapa matamaiticiúla atá mar bhonn taca ag gach Toradh Foghlama. D’fhéadfadh na smaointe riachtanacha seo pointí tagartha agus iontrála a chur ar fáil maidir le pleanáil, teagasc agus measúnú, agus d’fhéadfaidís príomhfhaisnéis mhatamaiticiúil a chur i gcuimhne do mhúinteoirí ag gach céim. Cuirtear i láthair iad de réir céimeanna 1 go dtí 4 agus tá siad nasctha leis na Torthaí Foghlama comhfhreagracha.

Ailgéabar: Patrúin, rialacha agus coibhneasa

Ailgéabar: Sloinn agus cothromóidí

Sonraí agus seans: Sonraí

Sonraí agus seans: Seans

Tomhais: Ag tomhas

Tomhais: Am

Tomhais: Airgead

Uimhreas: Úsáidí an uimhris

Uimhreas: Uimhriú agus comhaireamh

Uimhreas: Ionadluach agus bonn a deich

Uimhreas: Tacair agus oibríochtaí

Uimhreas: Codáin

Cruth agus spás: Feasacht ar spásúlacht agus suíomh

Cruth agus spás: Cruth

Cruth agus spás: Trasfhoirmiú

 

Leagann na contanaim dul chun cinn conaire shamplach foghlama sa Mhatamaitic ag leibhéal na bunscolaíochta amach. Tugann siad sraith eispéireas foghlama le fios, a bhféadfadh páistí plé leo agus iad ag forbairt agus ag doimhniú a n-eolais, scileanna agus meonta matamaiticiúla.

Ailgéabar: Patrúin, rialacha agus coibhneasa

Ailgéabar: Sloinn agus cothromóidí

Sonraí agus seans: Sonraí

Sonraí agus seans: Seans

Tomhais: Ag tomhas

Tomhais: Am

Tomhais: Airgead

Uimhreas: Úsáidí an uimhris

Uimhreas: Uimhriú agus comhaireamh

Uimhreas: Ionadluach agus bonn a deich

Uimhreas: Tacair agus oibríochtaí

Uimhreas: Codáin

Cruth agus spás: Feasacht ar spásúlacht agus suíomh

Cruth agus spás: Cruth

Cruth agus spás: Trasfhoirmiú

 

Tá obair tosaithe ar fhorbairt samplaí físe d’fhoghlaim na bpáistí leis an gcuraclam nua. Tá sé i gceist go mbeadh na samplaí seo ina n-eiseamláir ar eispéiris foghlama spraíúla agus tharraingteacha agus go léireoidh siad dea-chleachtais oideolaíochta i dtaobh tacú le páistí i dtreo Torthaí Foghlama a bhaint amach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.