Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Clár na hArdteistiméireachta Feidhmí

Is clár Ardteistiméireachta dhá bhliain í an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a bhfuil d’aidhm léi an scoláire a ullmhú do shaol an duine fhásta agus do shaol na hoibre.

Tá sé mar aidhm ag an gclár buanna gach scoláire a aithint agus deiseanna a sholáthar chun freagracht phearsanta, féinmheas agus féin-eolas a fhorbairt, agus cabhraíonn sé leis an scoláire an méid a fhoghlaimíonn sé a chur i bhfeidhm sa saol réadúil.

Tá ceithre bhloc leathbhliana, ar a dtugtar seisiúin, i gceist sa chlár dhá bhliain. Tugtar creidiúint le haghaidh gnóthachtála i ngach seisiún. Cuirtear cúrsaí ar fáil sna trí phríomhréimse seo a leanas: Ullmhú le haghaidh Gairme; Gairmoideachas; agus Oideachas Ginearálta.

Measúnú

Déantar an measúnú nuair a chuirtear na modúil i gcrích, agus déantar scrúdú deiridh freisin i ngach ceann de na réimsí seo a leanas:

  • Béarla agus Cumarsáid
  • Dhá speisialachas gairme
  • Feidhmeanna Matamaiticiúla
  • Teanga
  • Oideachas sóisialta

Bronntar Ardteistiméireacht ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar gach scoláire a n-éiríonn leo an clár a chur i gcrích. Bronntar an teastas ar thrí leibhéal: Pas; Tuillteanas; agus Gradam.

Ráiteas faoi Chlár na hArdteistiméireachta Feidhmí

Tá na tuairisceoirí athbhreithnithe modúil seo a leanas ar fáil don scoláire a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach i Meán Fómhair 2021:

  • Béarla agus Cumarsáid
  • Feidhmeanna Matamaiticiúla
  • Buntreoir do TFC
  • TFC: Speisialachas