Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Scríbhneoireacht

Fáilte go dtí torthaí foghlama Churaclam Teanga na Bunscoile.

Anseo is féidir leat na torthaí foghlama a úsáid trí shnáithe (Teanga Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Oral Language, Reading, Writing) ag baint úsáide as an roghchlár ar chlé.

Sna táblaí thíos, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an lipéad torthaí foghlama ábhartha le feiceáil nuair a bhíonn tú ag sciorradh ar uimhir cluaisíní. Nuair a chliceálann tú ar an táb torthaí foghlama ábhartha, dealraíonn sé leis na Samplaí d'Fhoghlaim Teanga na bPáistí,Contanaim Dul chun Cinn agus Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí.

  • Cumarsáid
  • Tuiscint
  • Fiosrú agus úsáid

Rannpháirtíocht Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Aird a thabhairt ar mharcanna agus líníocht a dhéanamh, páirt a ghlacadh ann agus taitneamh a bhaint as, agus scríobh chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus é a dhéanamh i dteangacha éagsúla nuair is cuí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Iad féin a aithint mar scríbhneoirí, páirt a ghlacadh i scríbhneoireacht, agus taitneamh a bhaint aisti, chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus i dteangacha éagsúla nuair is cuí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Dearcadh dearfach agus cuspóirí éagsúla a léiriúagus iad ag tabhairt faoi théacs i réimse seánraí, i dteangacha éagsúla nuair is cuí, agus trasna an churaclaim.

Scríbhneoireacht a úsáid mar uirlis chun ord agus eagar a chur ar smaointe agus iad a shoiléiriú, agus chun a bhféiniúlacht a chur in iúl (agus úsáid a bhaint as teangacha eile san áireamh).

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireacht

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste triail as uirlisí déanta marcanna agus as dromchlaí agus fiosraíonn iad

Gníomh an pháiste...

Bíonn spraoi ag an bpáiste ag déanamh marcanna agus úsáideann sé/sí gothaí, fuaimeanna nó focail chun aird a dhíriú orthu

Gníomh an pháiste...

Taitníonn leis an bpáiste pictiúir agus foirmeacha ar nós litreacha a chruthú agus comhroinneann sé brí trí roinnt gnéithe ina chuid téacsannaa ainmniú.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn sé leis an bpáiste a théacsanna scríofa luatha féin a chruthú agus míníonn sé/sí na príomhtheachtaireachtaí iontu sin.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn scríbhneoireacht leis an bpáiste agus comhroinneann sé/ sí brí trína chuid téacsannaa léamh agus a phlé.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn scríbhneoireacht leis an bpáiste le haghaidh cuspóirí féin-treoraithe agus éagsúla agus le cúnamh ó bhunstruchtúir seánra.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn leis an bpáiste a bheith ag scríobh i réimse níos leithne seánraí, taiscéaladh a dhéanamh ar a stíl féin, ag cur sonraí le smaointe agus na smaointe sin a phlé le daoine eile.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn leis an bpáiste a bheith ag úsáid stíl phearsanta scríbhneoireachta i réimse seánraí, ag tabhairt tuilleadh sonraí, ag déanamh tuilleadh forbartha ar charachtair agus ag úsáid teanga go cruthaitheach agus go samhlaitheach, agus iad á roinnt le daoine eile.

Gníomh an pháiste...

Taitníonn leis an bpáiste a stíl scríbhneoireachta féin a úsáid i réimse seánraí, ag tarraingt ar theanga fháthchiallach agus ag cruthú íomhánna gléineacha chun dul i bhfeidhm ar an léitheoir, agus pléann agus comhroinneann a chuid oibre.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn agus pléann an páiste a stíl féin, cuspóirí an téacsagus an taitneamh a bhaineann daoine as téacsa chruthú go neamhspleách agus/nó le daoine eile.

Oibríonn an páiste le daltaí eile chun téacsannaa chruthú i réimse seánraí agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a stíl phearsanta féin.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar a stíl phearsanta mar údar agus roinneann an taithí atá aige ar chruthú téacsle daoine eile.

Pléann an páiste an fhorbairt atá tagtha ar a chuid scileanna mar údar chun téacsannaníos casta a chruthú agus déanann sé machnamh ar an fhorbairt agus ar an dul chun cinn sin.

Inspreagadh agus rogha Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Uirlisí, topaic agus ábhar cuí a roghnú don scríbhneoireacht pháirteach nó neamhspleách agus téacsanna a roghnú chun roinnt le daoine eile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Uirlisí, straitéisí, agus ábhar, a mheas agus a roghnú go criticiúil chun téacs  a chruthú i réimse seánraí trasna an churaclaim ar mhaithe le cuspóirí agus luchtanna éisteachta/léite éagsúla.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireachta

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Láimhseálann an páiste uirlisí déanta marcanna agus ábhair chun téacs a chruthú.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste gothaí, fuaimeanna nó focail chun aird a dhíriú ar na téacsannais fearr leo a chruthaigh siad féin.

Gníomh an pháiste...

Bíonn an páiste ag súgradh le huirlisí agus le hábhair éagsúla chun téacsanna a chruthú ar a rogha topaice agus roghnaíonn na téacsannaatá le roinnt le daoine eile.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste uirlisí agus ábhair éagsúla chun téacsanna a chruthú ar thopaic roghnaithe agus roghnaíonn téacsannale cur ar taispeáint.

Gníomh an pháiste...

Le neamhspleáchas atá ag méadú, roghnaíonn an páiste topaic agus uirlisí cuí chun téacsanna a chruthú agus roghnaíonn téacsannale foilsiú agus le cur ar taispeáint.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste ó réimse níos leithne topaicí agus, le tacaíocht, roghnaíonn ábhar agus formáidí éagsúla cur i láthair chun a chuid scríbhneoireachta a chomhroinnt.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn agus beachtaíonn an páiste smaointe agus ábhar dá théacsanna, agus roghnaíonn ó réimse formáidí cur i láthair chun a chuid scríbhneoireachta a chomhroinnt.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ar thaighde agus roghnaíonn ábhar chun scríobh faoi thopaicí neamhaitheanta agus roghnaíonn ó réimse níos leithne formáidí cur i láthair chun a chuid scríbhneoireachta a chomhroinnt

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste taighde agus roghnaíonn ábhar chun scríobh faoi thopaicí neamhaitheanta, agus roghnaíonn formáidí cuí cur i láthair chun a chuid scríbhneoireachta a chomhroinnt.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste comparáid idir foinsí eolais éagsúla agus roghnaíonn an fhoinse is feilúnaí don chuspóir agus don lucht éisteachta/léite.

Déanann an páiste anailís ar aiseolas chun athdhréachtú a dhéanamh ar a théacs.

Roghnaíonn an páiste an seánra cuí don chuspóir agus don lucht éisteachta/léite.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar roinnt foinsí eolais agus roghnaíonn sé an foinse is feiliúnaí don chuspóir agus don lucht éisteachta/léite.

Déanann an páiste anailís ar aiseolas agus roghnaíonn sé an t-aiseolas is feiliúnaí chun athdhréachtú a dhéanamh ar a théacs.

Tugann an páiste údar leis an seánra a roghnaíonn sé agus téacsá chruthú aige ar mhaithe le cuspóir agus lucht éisteachta/léite éagsúla.

Struchtúr abairte agus gnásanna cló Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Gnásanna bunúsacha an chló chomh maith le struchtúr abairte a úsáid agus iad ag cumadh téacsanna i bpáirt  le daoine nó go neamhspleách.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Úsáid a bhaint as gnásanna an chló, struchtúir abairte níos casta, aimsirí cearta na mbriathra agus nascfhocail ina gcuid scríbhneoireachta.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Úsáid a bhaint as gnásanna an chló atá ag éirí níos caolchúisí an t-am ar fad ina scríbhneoireacht neamhspleách.

Úsáid a bhaint as abairtí simplí, comhshuite agus casta agus iad ag athrú fhad na n-abairtí chun dul in oiriúint do lucht léitheoireachta, stíl agus tuin a gcuid scríbhneoireachta.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireacht

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste triail as comharthaí, as siombailí agus as téacs chun cumarsáid a dhéanamh.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste cruthanna agus iad ag tarraingt marcanna chun cumarsáid a dhéanamh.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste idirdhealú idir litreacha agus pictiúir

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste idirdhealú idir léitheoireacht agus scríbhneoireacht agus scríobhann ó chlé go deas, ó bhun go barr, leathanach ar leathanach.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ord ceart na bhfocal cuid den am, struchtúr abairte agus litreacha, spásanna, focail, abairtí agus lánstadanna agus tosaíonn ar cheannlitreacha a úsáid go cuí.

Aithníonn an páiste go bhfuil tréithe ar leith i scríobh na Gaeilge, síntí fada, séimhiú, urú srl.

Tréithe Breise - Gaeilge:Aithníonn an páiste go n-athraíonn focail de réir struchtúr abairte.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste ord ceart na bhfocal, struchtúr abairte, ceannlitreacha agus abairtí iomlána.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste comharthaí ceiste, bunnascaigh, an aimsir cheart den bhriathar cuid den am, agus tosaíonn ar pharagraif a úsáid.

Tréithe Breise - Gaeilge:Tosaíonn an páiste ag úsáid comhréir chuí don Ghaeilge.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste comharthaí athfhriotail, comharthaí uaillbhreasa, roinnt paragraf agus nascaigh agus úsáideann an aimsir cheart den bhriathar níos minice.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla go solúbtha chun focail neamhchoitianta agus dheacra a litriú.

Tréithe Breise - Gaeilge:Úsáideann an páiste comhréir chuí don Ghaeilge.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste réimse leathan gnásanna cló (ina measc, idirstad, leathstad, dais, fleiscín srl.).

Fiosraíonn an páiste an chaoi a gcuidíonn gnásanna cló agus struchtúr abairte linn ciall a bhaint as téacs agus teachtaireacht a chur in iúl;

Aithníonn an páiste go bhfuil difríochtaí idir struchtúr na Gaeilge, struchtúr an Bhéarla, agus an struchtúr a bhíonn i dteangacha eile.

Léiríonn an páiste go dtuigeann sé go bhfuil difríochtaí idir gnásanna cló i dteangacha éagsúla agus leas á bhaint aige as uirlisí digiteacha (e.g. é, β, ϋ, ѐ srl.).

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste gnásanna cló agus struchtúr abairte cuí chun go gcuideoidh sé le daoine ciall a bhaint as téacsagus chun teachtaireacht a chur in iúl.

Tugann an páiste míniú agus údar leis na roghanna sin.

Déanann an páiste plé ar struchtúr abairte na Gaeilge, an Bhéarla agus teangacha eile.

Léiríonn an páiste go dtuigeann sé an tionchar a bhíonn ag cineálacha éagsúla abairte (cineál abairte agus fad na habairte) ar an téacsa bhíonn á chruthú aige.

Litriú agus staidéar ar fhocail Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Litreacha ó aibítir na Gaeilge a aithint, a ainmniú agus a fhuaimniú agus úsáid a bhaint as roinnt litrithe chirt, ag tarraingt ar an eolas atá acu faoi phatrúin fuaime agus patrúin litreacha chun buille faoi thuairim a thabhairt faoi litriú focail (litriú cumtha).

Tosú ar thuiscint a léiriú ar athruithe gramadaí agus iad a úsáid i bhfrásaí coiteanna ina gcuid scríbhneoireachta.

  • Aistriúchán Icon

Straitéisí litrithe a úsáid chun focail nua agus athruithe gramadaí a litriú agus iad a úsáid mar is cuí agus tuiscint a léiriú ar na difríochtaí idir an teanga ó bhéal agus an leagan scríofa den teanga.

 

Réimse focal ardmhinicíochta a litriú go cruinn agus ábhair thagartha a úsáid go neamhspleách chun litrithe a cheartú agus a sheiceáil.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Anailís a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann comhfhreagairtí idir litreacha agus fuaimeanna, patrúin litrithe choitianta agus codanna agus fréamhacha lánbhrí d’fhocail i bhfeidhm ar litriú, agus úsáid a bhaint as an eolas sin chun focail a litriú i gceart ina gcuid scríbhneoireachta.

Úsáid a bhaint as ábhar tagartha cuí chun litriú a sheiceáil agus a cheartú go neamhspleách.

A aithint go n-athraíonn focail Ghaeilge uaireanta de réir chomhthéacs na gramadaí (séimhiú, úrú, uimhir iolra, tuiseal ginideach).

Cosúlachtaí agus difríochtaí idir focail agus patrúin litreacha i dteangacha (Gaeilge, Béarla, nó teangacha eile) agus i seánraí éagsúla a aithint agus phlé.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireachta

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cruthaíonn an páiste cruthanna agus iad ag déanamh marcanna.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste cruthanna agus é/í ag déanamh marcanna.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt litreacha i bhfocail atá feicthe aige/aici cheana agus úsáideann iad sin agus siombailí eile chun téacsa léiriú.

Tugann an páiste chun cuimhne gnéithe/difríochtaí a bhaineann le pictiúir agus/nó rudaí.

Gníomh an pháiste...

Ceanglaíonn an páiste an litir leis an bhfuaim i gcás roinnt focal sa chás uachtair agus sa chás íochtair,

úsáideann slabhraí randamacha litreacha agus tosaíonn ag léiriú tuiscint éiritheach ar fhuaimeanna na litreacha chun téacsa léiriú.

Tuigeann an páiste an ceangal idir an focal scríofa agus an chaint.

Tosaíonn an páiste ar chló a chóipeáil.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste roinnt litreacha atá ceart ó thaobh na bhfuaimeanna de, patrúin choitianta litreacha agus focail aitheanta.

Tosaíonn an páiste ar idirdhealú a dhéanamh idir fuaimeanna gutaí fada agus fuaimeanna gutaí gearra. Aithníonn an páiste difríochtaí agus cosúlachtaí idir litreacha éagsúla.

Tréithe Breise – Gaeilge:Léiríonn an páiste níos mó eolais ar na bunfhuaimeanna agus tosaíonn ag úsáid litrithe malartacha sna focail.

Léiríonn an páiste eolas ar athruithe gramadaí atá ar eolas ó bhéal leis an dóigh lena scríobh (séimhiú/ urú/iolra srl.)

Gníomh an pháiste...

Fuaimníonn agus ainmníonn an páiste gach litir sa chás uachtair agus sa chás íochtair, úsáideann roinnt consan agus gutaí cearta i neaslitriú agus litríonn roinnt focal ardmhinicíocha agus aitheanta.

Taispeánann an páiste go bhfuil feasacht acu ar fhuaimeanna a clúdaíodh, nuair a fhuaimníonn siad litreacha na bhfocal a bhíonn á litriú acu

Tréithe Breise – Gaeilge: Léiríonn an páiste tuiscint ar ghutaí caola agus leathana agus iad ag scríobh focail ilsiollacha

Ceanglaíonn an páiste eolas ar athruithe gramadaí leis an dóigh lena scríobh.

Léiríonn an páiste eolas ar bhunfhuaimeanna agus litrithe malartacha d’fhuaimeanna sa scríbhneoireacht.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste déghraif agus teaglamaí litreacha agus réimse focal aitheanta, tarraingíonn ar amharc-chuimhne le haghaidh focal ardmhinicíochta agus tosaíonn ag úsáid foclóirí.

Tosaíonn an páiste ag tuiscint go litrítear roinnt focal ar bhealach atá éagsúil leis an gcaoi a bhfuaimnítear iad.

Tréithe Breise – Gaeilge: Úsáideann an páiste a gcuid eolais ar an nGaeilge leis an rogha cheart a dhéanamh maidir le léiriú d’fhuaim, m.sh. caol le caol/ leathan le leathan.

Tuigeann an páiste na cúiseanna a bhaineann le hathruithe gramadaí agus úsáideann séimhiú/ urú sa litriú.

Tosaíonn an páiste ag tuiscint go litrítear roinnt focal ar bhealach atá éagsúil leis an gcaoi a bhfuaimnítear iad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste straitéisí lena n-áirítear siollú, teaglamaí agus patrúin agus foclóirí chun réimse níos leithne focal a litriú agus déanann féincheartú níos minice.

Tuigeann an páiste go litrítear roinnt focal ar bhealach atá éagsúil leis an gcaoi a bhfuaimnítear iad.

Tréithe Breise – Gaeilge: Tuigeann an páiste go litrítear roinnt focal ar bhealach atá éagsúil leis an gcaoi a bhfuaimnítear iad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla go solúbtha chun focail neamhchoitianta agus dheacra a litriú.

Tréithe Breise – Gaeilge: Scríobhann an páiste agus úsáid chruinn á baint as an gcanúint.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste cosúlachtaí agus difríochtaí idir focail i dteangacha éagsúla agus pléann sé na gnéithe sin le daoine eile.

Pléann an páiste an fheidhm atá le caighdeán litrithe agus déanann sé measúnú ar an bhfeidhm sin

Fiosraíonn agus pléann an páiste bunús na bhfocal i réimse ábhar

Ainmníonn an páiste réimse straitéisí litrithe, míníonn sé na straitéisí sin, agus cuireann sé i bhfeidhm iad chun téacsannaa chruthú.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh ar na foinsí agus ar na straitéisí a d’úsáid sé chun focail a litriú agus déanann sé measúnú ar na foinsí agus na straitéisí sin.

Fiosraíonn an páiste an chaoi ar cuireadh caighdeán oifigiúil na Gaeilge le chéile agus pléann sé an aidhm atá le Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge.

Aithníonn an páiste difríochtaí idir leaganacha caighdeánacha agus leaganacha malartacha agus téacsá chruthú acu.

Stór focal Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Úsáid a bhaint as stór focal níos leithne óna dtaithí phearsanta agus óna dtaithí ar phlé le téacs. Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach, le tacaíocht de réir mar is gá.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Úsáid a bhaint as stór focal níos casta ó go leor foinsí agus gnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha agus samhlaíocha na teanga a fhiosrú ina gcuid scríbhneoireachta.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Teanga agus stór focal oiriúnach a fhiosrú agus a roghnú chun téacsanna a chruthú i réimse seánraíi dteangacha éagsúla nuair is cuí, ar mhaithe le cuspóirí agus luchtannaéisteachta/léite éagsúla. Údar/cúiseanna a thabhairt leis na roghanna sin.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Teanga agus stór focal oiriúnach a fhiosrú agus a roghnú chun téacs níos casta a chruthú i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla nuair is cuí, ar mhaithe le cuspóirí agus luchtanna éisteachta/léite éagsúla. Údar/cúiseanna a thabhairt leis na roghanna sin.

Measúnú a dhéanamh ar  ghnéithe aeistéitiúla, cruthaitheacha,  samhlaíocha agus fáthchiallacha  na teanga a úsáideann siad ina gcuid scríbhneoireachta.

Measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann siad as stór focal ag brath ar chomhthéacsanna éagsúla.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireacht

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste marcanna agus cruthanna, fiosraíonn iad agus baineann triail astu.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste marcanna agus cruthanna chun taithí phearsanta a roinnt.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga óna thaithí phearsanta agus úsáideann í go spraíúil agus le samhlaíocht i dtéacsannaa chruthaíonn sé/sí agus an múinteoir ag feidhmiú mar scríobhaí.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste stór focal agus frásaí nua ó théacsanna a léann sé/sí agus úsáideann teanga go spraíúil agus le samhlaíocht i dtéacsannaa scríobhann sé/sí in éineacht leis an múinteoir

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga óna thaithí phearsanta, ó théacsannaa léann sé/sí agus ón timpeallacht.

Úsáideann an páiste teanga go spraíúil agus le samhlaíocht i dtéacsanna a chruthaíonn sé/sí go neamhspleách.

Tréithe Breise – Gaeilge: Úsáideann an páiste focail, frásaí agus cora cainte dúchasacha ón mbaile/ón timpeallacht sa scríbhneoireacht.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga nach mbaineann lena thaithí phearsanta a bhailítear ó théacsanna eile a fiosraíodh agus úsáideann an teanga seo le samhlaíocht ina chuid téacsanna féin.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste teanga shainiúil ábhair chun smaoineamh a chur in iúl.

Baineann an páiste úsáid as réimse taithí agus téacsanna, agus tosaíonn ag úsáid teanga a chuireann níos mó sonraí in iúl.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste stór focal chun brí nó mothúchán ar leith a chur in iúl trí úsáid a bhaint as teanga shamhlaitheach agus réimse taithí agus téacsanna.

Gníomh an pháiste...

Roghnaíonn an páiste stór focal ó raon foinsí agus baineann úsáid as chun smaointe a leathnú, tuilleadh sonraí a thabhairt agus chun éifeacht, giúmar nó íomhá a chruthú.

Tosaíonn an páiste ar theanga fháthchiallach a úsáid ionas go mbeidh tionchar faoi leith ag téacs ar léitheoir.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste na straitéisí a úsáideann sé chun sealbhú a dhéanamh ar stór focal/teanga a bheidh sé in ann a úsáid chun téacsa chruthú.

Pléann an páiste straitéisí a úsáideann sé chun stór focal/teanga (teanga a bhaineann le ábhair ar leith ina measc) a aimsiú i bhfoinsí éagsúla chun téacsannaficsin/neamhfhicsin a chruthú.

Athnaíonn agus úsaideann an páiste teanga chruthaitheach,agus shamhlaitheach agus úsáideann sé iad agus téacsá chruthú aige.

Pléann sé an fheidhm atá leis na gnéithe sin den teanga ina théacs féin.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar na straitéisí a úsáideann sé chun stór focal a aimsiú agus agus a shealbhú ionas go mbeidh sé in ann leas a bhaint astu chun téacsannaa chruthú.

Aithníonn an páiste an teanga oibiachtúil agus suibiachtúil a úsáidtear i seánraí éagsúla agus déanann sé machnamh orthu nuair a bhíonn stór focal á roghnú aige dá théacs.

Aithníonn an páiste go léiríonn stór focal/teanga áirithe claontacht, steiréitíopa, agus fabhar agus smaoiníonn sé air sin agus téacsá chruthú aige.

Cuspóir, seánra agus guth Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Líníocht a dhéanamh agus scríobh agus tuiscint aige ar an gcuspóir agus ar an lucht éisteachta araon, le linn dóibh téacsanna a chruthú i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla nuair is cuí.

Iniúchadh a dhéanamh ar struchtúr téacs agus gnéithe teanga a bhaineann le réimse seánraí agus iad a úsáid go rathúil.

A nguth pearsanta a fhorbairt ina gcuid scríbhneoireachta chun a gcuid tuairimí, eolas agus taithí a chomhroinnt.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Téacs a chruthú ar chúiseanna údarachta ar leith, ag léiriú tuiscint níos doimhne ar  thionchar an lucht éisteachta/léite ar a gcuid scríbhneoireachta.

Anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar struchtúr téacs agus gnéithe teanga a bhaineann le réimse seánraí.

A nguth pearsanta a léiriú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh air trína gcuid tuairimí, eolais, agus taithí a roinnt i réimse seánraí ar mhaithe le cuspóirí agus lucht éisteachta/léite ar leith.

Tuiscint a léiriú ar an tslí a bhféadfaí canúintí agus blasanna éagsúla a úsáid agus téacs á chruthú.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste eispéiris phearsanta agus rudaí a bhfuil suim acu féin iontu trí chomharthaí, trí shiombailí agus trí théacs.

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste smaointe, eolas agus taithí le daoine eile trína gcuid marcanna.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ag roinnt smaointe, eolais agus eispéireas ar mhaithe le cuspóir agus lucht éisteachta ar leith agus é/í ag úsáid marcanna, líníochtaí agus roinnt litreacha.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann agus tarraingíonn an páiste ar mhaithe le cuspóir agus lucht éisteachta ar leith, ag roinnt smaointe, eolais agus eispéireas ag an am céanna.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste ar mhaithe le réimse níos leithne cuspóirí agus lucht éisteachta ag roinnt smaointe, eolais agus eispéireas ag an am céanna.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ag scríobh i réimse seánraí trí úsáid a bhaint as bunstruchtúr atá cuí don seánra faoi leith, ag meaitseáil teanga le cuspóir, seánra agus lucht éisteachta.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste i réimse seánraí, ag cur sonraí ar fáil, ag léirmhíniú príomhphointí agus ag úsáid teanga oiriúnach agus a stíl féin á taiscéaladh acu.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste i réimse seánraí ag tabhairt mionsonraí agus ag déanamh tuilleadh forbartha ar charachtair agus ar smaointe trí úsáid a bhaint as teanga agus struchtúr cuí agus a stíl féin á taiscéaladh acu.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste i réimse seánraí agus é/í ag úsáid struchtúir go solúbhta chun an freastal is fearr a dhéanamh ar a chuspóir

Úsáideann sé/ sí teanga go cruthaitheach agus cuireann sé/sí a stíl féin trasna.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn agus pléann an páiste feiliúnacht an eolais a bhailíonn sé chun téacsa chruthú..

Aithníonn an páiste na gnéithe dá théacs atá sainiúil dá ghuth pearsanta féin agus déanann sé cur síos ar na gnéithe sin.

Roghnaíonn an páiste an réim teanga (canúintí agus blasanna san áireamh) is feiliúnaí dá théacs bunaithe ar a chuspóir agus ar a lucht éisteachta/léite

Pléann agus míníonn an páiste an tionchar a bhíonn ag cuspóirí ar leith ar na roghanna a dhéanann sé agus téacsá chruthú aige

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar na foinsí a roghnaíonn sé dá théacs agus tugann údar leis an rogha sin.

Déanann an páiste machnamh ar na gnéithe dá théacs atá sainiúil dá ghuth pearsanta féin.

Fiosraíonn an páiste tuairimí, peirspictíochtaí, agus cultúir éagsúla agus déanann machnamh orthu chun leas a bhaint astu chun téacsannaa chruthú.

Tugann an páiste údar leis na roghanna a rinne sé agus téacsá chruthú aige ar mhaithe le cuspóir agus lucht éisteachta/léite éagsúla..

Próiseas na scríbhneoireacha agus téacs a chruthú Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

An próiseas scríbhneoireachta a úsáid chun téacs a scríobh i gcomhpháirt le daoine eile agus/nó go neamhspleách.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Scileanna agus straitéisí a bhaineann leis an scríbhneoireacht mar phróiseas a ainmniú agus a mheas agus iad a úsáid chun téacsanna a chruthú go neamhspleách agus/nó i bpáirt le daoine eile, i réimse seánraí agus i dteangacha éagsúla nuair is cuí, trasna an churaclaim ar mhaithe le cuspóirí agus luchtannaéisteachta/léite éagsúla.

Teanga chuí a úsáid chun leasuithe eagarthóireachta a mheas agus a phlé bunaithe ar théacsanna a cruthaíodh i réimse seánraí ar mhaithe le cuspóirí agus luchtanna éisteachta/léite éagsúla.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireachta

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

-

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste taithí phearsanta agus rudaí a bhfuil spéis acu iontu mar spreagadh le haghaidh a dtéacsanna.

Gníomh an pháiste...

Tosaíonn an páiste ag glacadh páirte i scríbhneoireacht chomhoibríoch agus an múinteoir mar scríobhaí acu.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste topaicí aitheanta mar spreagadh le haghaidh téacsannaagus é/í ag cumadh téacsannai gcomhpháirt leis an múinteoir.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann an páiste téacsanna ó bhéal go comhoibríoch, cuireann in ord agus scríobhann le páistí eile iad agus cumann téacsannale páistí eile; léann agus pléann a gcuid scríbhneoireachta.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann, cuireann in ord agus scríobhann an páiste téacsanna go neamhspleách;

léann agus labhraíonn faoina chuid scríbhneoireachta leis an múinteoir lena chinntiú go bhfuil ciall léi agus tosaíonn ag moladh athruithe simplí chun í a fheabhsú.

Gníomh an pháiste...

Pleanálann an páiste téacsanna go neamhspleách agus bailíonn eolas chun téacsanna a chruthú a bhfuil tús, lár agus deireadh acu;

léann agus pléann a gcuid scríbhneoireachta, ag aithint athruithe chun feabhas a chur uirthi.

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste leas as réimse d’fhoinsí téacs agus tosaíonn ag úsáid eagraithe grafacha chun scríbhneoireacht a phleanáil; cumann, profálann agus cuireann in eagar chun aiseolas a chur san áireamh

Gníomh an pháiste...

Baineann an páiste leas as réimse níos leithne foinsí téacs agus úsáideann eagraithe grafacha

chun scríbhneoireacht neamhspleách a phleanáil; cumann, profálann agus cuireann in eagar leis féin chun téacsannaa fheabhsú.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste machnamh ar an aiseolas a fhaigheann sé ó dhaoine eile agus roghnaíonn sé aiseolas feiliúnach chun a théacs a leasú

Baineann an páiste leas as uirlisí profála agus eagarthóireachta chun a théacs a leasú.

Déanann an páiste machnamh ar na straitéisí agus na scileanna a d’úsáid sé le linn phróiseas na scríbhneoireachta.

Gníomh an pháiste...

Tugann an páiste údar leis na cinntí a ghlac sé agus aiseolas feiliúnach á roghnú aige chun a théacs a leasú.

Tugann an páiste údar/cúiseanna leis na huirlisí profála agus eagarthóireachta a d’úsáid sé chun a théacs a leasú.

Míníonn an páiste na straitéisí agus na scileanna a d’úsáid sé le linn phróiseas na scríbhneoireachta agus tugann sé údar/cúiseanna leis na roghanna sin.

Freagairt agus intinn an údair Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Brí a gcuid téacsanna féin a chomhroinnt agus tuiscint a léiriú trí fhreagairt do théacs daoine eile.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

A gcuid aidhmeanna/a n-intinn féin mar údair agus gnéithe seachtracha a mbíonn tionchar acu ar údair a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh orthu. Tuairimí daoine eile ar a gcuid téacsanna a phlé agus a mheas.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cuireann an páiste in iúl ar bhealach éigin cén chiall atá leis na marcanna a rinne siad.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste gothaí, fuaimeanna nó focail chun a thaispeáint go bhfuil brí phearsanta lena chuid marcanna agus chun freagairt do théacsanna daoine eile a thaispeántar nó a léitear dó.

Gníomh an pháiste...

Labhraíonn an páiste faoina théacsannaféin agus tosaíonn ag freagairt do théacsanna daoine eile trí chaint, marcanna agus líníochtaí

Gníomh an pháiste...

Labhraíonn an páiste faoi líníochtaí níos mionsonraithe, agus úsáideann iad, ina théacsanna féin agus tugann níos mó sonraí mar fhreagra ar théacsanna daoine eile.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste líníochtaí níos mionléirithe chun sonraí a roinnt agus aithníonn píosaí téacssimplí soiléire mar fhreagra ar cheisteanna sonracha.

Comhroinneann an páiste léirmhíniú pearsanta ar théacs duine eile

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste a chuid oibre féin agus míníonn cén fáth ar roghnaigh sé/sí topaicí agus ábhar.

Pléann an páiste obair daoine eile agus cuireann i gcomhthéacs a chuid taithí féin í

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste a chuid oibre le daoine eile, ag tabhairt míniú níos fearr ar na sonraí.

Tugann an páiste freagra ar obair daoine eile, ag plé na bpríomhphointí go mion agus á cur i gcomhthéacs a n-eispéireas féin sa chás gur cuí.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste ó bhéal, míníonn agus déanann nasc le carachtair atá cruthaithe aige ina scéalta féin ar bhealach níos mionsonraithe.

Pléann an páiste carachtair agus príomhimeachtaí i scéalta daoine eile, tuarann príomhghníomhartha agus baineann tátal maidir lena spreagann carachtair chun príomhghníomhartha a dhéanamh

Gníomh an pháiste...

Comhroinneann an páiste na cúiseanna a bhí acu chun focail/ frásaí faoi leith a úsáid chun críche éifeachta/giúmair/ tionchair.

Déanann an páiste léirmhíniú ar na príomhtheachtaireachtaí atá á gcur in iúl in obair daoine eile agus baineann tátal faoi na cúiseanna a bhí ag an údar lena n-aghaidh sin.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste comparáid idir an aidhm a bhí aige féin mar údar agus an bhrí a bhaineann lucht éisteachta/léite as a théacs.

Aithníonn an páiste an tionchar a bhíonn ag cultúr agus féiniúlacht an údair ar na teachtaireachtaí a bhíonn ina théacs.

Úsáideann an páiste modhanna agus stíleanna chun teachtaireacht agus aidhm/intinn an údair a léiriú.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar an tionchar a bhíonn ag a fhéiniúlacht agus a chultúr (nó cultúir eile sa phobal agus taobh amuigh den phobal) ar na téacsannaa chruthaíonn sé

Déanann an páiste measúnú ar an ngaol a bhíonn idir réim teanga agus aidhm an údair.

Peannaireacht agus cur i láthair Aistriúchán Icon

clipboard

Céim 1

Naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 2

Rang 1 agus Rang 2
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 3

Rang 3 agus Rang 4
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Céim 4

Rang 5 agus Rang 6
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha ba cheart go mbeadh páistí in ann

Ceannlitreacha agus litreacha beaga a scríobh mar aonad reatha leo féin.

Téacsanna a chur i láthair i réimse formáidí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Scríobh agus úsáid á baint as stíl scríbhneoireachta.

Téacsanna a chur i láthair i réimse formáidí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Scríobh go hinléite agus go líofa agus úsáid á baint  as stíl scríbhneoireachta atá  rognaithe.

Téacsanna a chur i láthair i réimse formáidí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Stíl agus leagan amach ábhartha a roghnú, a chosaint, agus a mholadh chun téacsanna a chruthú agus a chur i láthair i réimse formáidí.

  • Learning Outcome Icon
  • Aistriúchán Icon

Samplaí d'fhoghlaim teanga leanaí

Próiseas Scríbhneoireachta

Próiseas Scríbhneoireacht

Mionchéimeanna Dul chun Cinn

Sleamhnán roimhe seoNext Sleamhnán

Gníomh an pháiste...

Cíorann an páiste uirlisí déanta marcanna agus dromchlaí.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn an páiste uirlisí chun marcanna a dhéanamh.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste roinnt smachta ar mhatáin chun foirmeacha atá ar nós litreacha a dhéanamh.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste smacht maith ar mhatáin.

Scríobhann an páiste roinnt litreacha sa chás uachtair agus sa chás íochtair.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste roinnt litreacha sa chás uachtair agus sa chás íochtair go hinléite agus mar litreacha scartha.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste an chuid is mó de na litreacha sa chás uachtair agus sa chás íochtair mar litreacha scartha.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste go hinléite agus go líofa agus é/í ag úsáid litreacha scartha.

Léiríonn an páiste téacsi réimse formáidí.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste go hinléite le script roghnaithe.

Léiríonn an páiste téacs ar mhaithe le cuspóirí agus le lucht éisteachta/léite éagsúla.

Gníomh an pháiste...

Scríobhann an páiste go hinléite agus go líofa le script roghnaithe.

Léiríonn an páiste téacs ar bhealach cruthaitheach agus tarraingteach ar mhaithe le cuspóirí agus lucht éisteachta/léite éagsúla.

Gníomh an pháiste...

Fiosraíonn agus pléann an páiste straitéisí agus stíleanna éagsúla chun téacsa chur i láthair i réimse formáidí.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste aibítrí agus scripteanna i dteangacha éagsúla (scripteanna na Gaeilge ina measc) agus bíonn spraoi aige/aici leo.