Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Tógann an gearrchúrsa seo ar fhorbairt raon scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla agus cuireann sé chun cinn iad i gcomhthéacs na foghlama faoi áit an scoláire ina bhaile, ina scoil agus sa phobal i gcoitinne. Cabhraíonn sé leis an scoláire tuiscint agus eolas a fháil ar thíortha agus ar chultúir eile agus féachtar ar bhealaí chun rochtain a fháil ar áiteanna ina cheantar agus níos faide ó bhaile. Mar aon le heolas ábhair, foghlaimíonn an scoláire scileanna ríthábhachtacha amhail scileanna cumarsáide agus teanga; smaoineamh agus réasúnaíocht; lipéadú; rangú; comparáid agus seicheamhú.

Cuirtear an scoláire agus a cheantar áitiúil i lár na foghlama sa ghearrchúrsa seo. Tosaíonn sé le scileanna agus straitéisí a fhorbairt chun áiteanna, daoine agus conláistí sa timpeallacht láithreach a fhorbairt. Déanann an scoláire dul chun cinn ar eolas agus eispéireas a fháil a fhorbróidh a thuilleadh a neamhspleáchas i ndáil le turais a phleanáil.

Aidhm

Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa seo eispéireas an scoláire ar an neamhspleáchas i ndáil leis an taisteal a fhorbairt. Forbraíonn sé freisin eolas, scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla. Baintear é sin amach i gcomhthéacs na foghlama faoina bhaile, scoil agus pobal i gcoitinne, agus trí eolas a fhorbairt ar chultúir eile. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.