Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Na ráitis foghlama

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil Rachaidh an scoláire i ngleic le réimse leathan téacsanna i bhfoirmeacha reacaireachta agus aeistéitiúla agus déanfaidh sé an bhrí a thugann daoine do théacsanna reiligiúnacha áirithe a fhiosrú.
RF 5: Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar an bpróiseas chun cinnteoireacht ar bhonn morálta a dhéanamh. Déanfaidh an scoláire na luachanna atá mar bhonn ag cinntí morálta a shainaithint agus gheobhaidh sé tuiscint ar an gcaoi ina n-oibríonn cinnteoireacht mhorálta ina shaol féin agus i saol daoine eile. 
RF 6: Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. Déanfaidh an scoláire taighde ar na pobail chreidimh éagsúla in Éirinn sa lá atá inniu ann agus déanfaidh sé imscrúdú chomh maith ar an gcaoi inar chuir an Chríostaíocht le cultúr agus oidhreacht na hÉireann.
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. Foghlaimeoidh an scoláire faoi fhadhbanna a bhaineann leis agus leis an domhan trí chéile agus tabharfar dúshlán dó machnamh a dhéanamh faoin gcaoi inar féidir lena fhreagairt i gcomhthéacs áitiúil agus comhthéacs níos leithne cur le domhain níos córa agus níos inbhuanaithe.
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. Foghlaimeoidh an scoláire faoin gcaoi ar tháinig athrú ar thraidisiúin agus ar chreidimh reiligiúnacha le himeacht ama agus déanfaidh sé machnamh ar thionchar an reiligiúin ar eachtraí, ar dhaoine agus ar an tsochaí agus a mhalairt.
RF 11: Gníomhaíonn an scoláire chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chothú. Déanfaidh an scoláire machnamh faoin tionchar a imríonn a luachanna, a chinntí agus a ghníomhaíochtaí ar a fholláine féin agus ar fholláine daoine eile, agus ar an Domhan trí chéile. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.