Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Aidhm

Is é is aidhm na Teicneolaíochta Feidhmí sa tsraith shóisearach:

  • a chur ar chumas an scoláire tuiscint choincheapúil, scileanna disciplíneacha agus an t-eolas riachtanach ar an ábhar a fhorbairt chun fadhbanna réadúla a iniúchadh agus a réiteach
  • taitneamh as staidéar a dhéanamh ar an ábhar a chur chun cinn fad is a fhorbraítear fiosracht faoi dhomhan na teicneolaíochta
  • forbairt a dhéanamh ar chumas an scoláire smaointe a cheapadh agus a fhorbairt trí phróiseas atriallach agus cumarsáid a dhéanamh trí na meáin chuí
  • forbairt a dhéanamh ar an teacht aniar atá sa scoláire nuair a dhéantar critíc chuiditheach air agus tacú lena fhoghlaim i dtimpeallacht ‘inar féidir teip’
  • meon fiosrachta, nuálaíochta, cruthaitheachta agus féinéifeachtúlachta a spreagadh.