Sraith uirlisí le haghaidh OSPS na hIdirbhliana
Cad iad na riachtanais le haghaidh OSPS san Idirbhliain?
Luaitear i Ráiteas an Chláir Idirbhliana (2024) gur cheart rang amháin OSPS a bheith ar an gclár ama gach seachtain. Agus iad ag pleanáil le haghaidh OSPS na hIdirbhliana, is féidir le scoileanna clár a dhearadh a fhreastalóidh ar riachtanais a scoláirí féin. Ní mór go mbeadh teagasc agus foghlaim i gCaidrimh agus Gnéasacht san áireamh leis sin.
An bhfuil curaclam socraithe ann le haghaidh OSPS san Idirbhliain?
Murab ionann agus cláir eile, is clár solúbtha í an Idirbhliain arna fhorbairt ag an scoil féin. Dá bhrí sin, ní fhorbraíonn CNCM sonraíochtaí don Idirbhliain. Mar sin féin, is féidir le scoileanna teacht ar raon tacaíochtaí agus treorach thíos a chuideoidh leo pleanáil a dhéanamh le haghaidh OSPS mar chuid dá gclár Idirbhliana.