This search input has a predictive search function. When 3 letters or more are entered, a number of predictive results appear in a dropdown. Use arrow keys to navigate and use the enter key to go to the page highlighted.
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann
Céim 2
Rang a haon agus a dó
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann
Céim 3
Rang a trí agus a ceathair
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann
Céim 4
Rang a cúig agus a sé
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann
Spéis agus Comhaird
Is éard atá i gceist leis an gcomhaird cás ina ndíríonn beirt atá ag déanamh cumarsáide lena chéile ar an rud céanna. Tá níos mó i gceist leis ná breathnú ar an rud, tuigeann an bheirt go bhfuil siad ag díriú ar an rud céanna.
a léiriú, Straitéisí tuisceana
Straitéisí agus próisis a úsáideann léitheoirí chun ciall a bhaint as téacs iad straitéisí tuisceana. Ar na príomhstraitéisí tuisceana áirítear:
eolas roimh ré a thabhairt chun cuimhne agus a úsáid, rudaí a thuar, rudaí a shamhlú, ceangal a dhéanamh, ceisteanna a chur, soiléiriú a dhéanamh, tosaíocht a thabhairt do rudaí áirithe thar rudaí eile, tátal a bhaint as rud, míreanna eolais a chur le chéile chun mír eile a dhéanamh.
a úsáid agus stór focal a shealbhú trí éisteacht go gníomhach le Gaeilge shaibhir á labhairt i réimse comhthéacsanna agus i nguthanna/canúintí eile chomh maith le guth/canúint an mhúinteora ar mhaithe le spraoi agus cúiseanna faoi leith, cé nach gá go dtuigfeadh siad gach focal.
Iad féin a aithint mar éisteoirí agus cainteoirí, agus cumarsáid fhiúntach agus chomhbhách a dhéanamh le daoine eile. A bhféiniúlacht a chur in iúl ó bhéal agus teangacha éagsúla a úsáid chuige sin.
Éisteacht go gníomhach agus le brí agus sult a bhaint as comhráite agus as téacsanna i réimse seánraí agus, nuair is féidir, i dteangacha éagsúla.
Éisteacht go gníomhach ar feadh tréimhse ama, ag éisteacht do mhionsonaraí agus bríonna caolchúiseacha agus i dteangacha éagsúla mar is cuí.
Measúnú a dhéanamh ar an tslí a dtéann an chúis, an suíomh agus lucht éisteachta/éisteoir i bhfeidhm ar réim, canúint agus blas an chainteora.
Gníomh an pháiste...
Tugann an páiste aird ar spreagthaigh sa timpeallacht.
Leanann an páiste na gluaiseachtaí atá ag spreagthaigh.
Gníomh an pháiste...
Tugann an páiste aird ar spreagthaí trí amharc na súl a choinneáil orthu agus leanann amharc súl duine fhásta chun aird a thabhairt ar rud le chéile.
Déanann an páiste aithris ar ghníomhartha agus ar fhuaimeanna.
Gníomh an pháiste...
Tugann an páiste aird ar feadh tréimhsí níos faide ar spreagthaí suimiúla nó coitianta lena n-áirítear:
Gníomhartha, gothaí, tuin ghutha, comhráite agus scéalta a léitear os ard, agus glacann páirt i rainn, amhráin agus cluichí.
Gníomh an pháiste...
Glacann an páiste páirt i gcomhrá trí úsáid a bhaint as teagmháil súl chuí agus aird acu ar chomharthaíocht colainne, gothaí agus tuin ghutha.
Úsáideann an páiste na ciúnna sin in éineacht le comhthéacs chun focail/frásaí nua a thuiscint.
Tréithe Breise Gaeilge:
Aithníonn an páiste go bhfuil canúintí éagsúla Gaeilge sa tír.
Gníomh an pháiste...
Éisteann an páiste le heolas faoi eispéireas nua, lena n-áirítear ficsean agus neamhfhicsean a éiríonn níos casta de réir a chéile.
Éisteann an páiste le duine fásta ag léiriú teanga nua arbh fhéidir a lán focal nach eol dóibh a bheith inti.
Tréithe Breise Gaeilge:
Éisteann an páiste le cainteoirí dúchais ó áiteanna eile sa tír, aithníonn a gcanúint agus úsáideann an comhthéacs chun focail nua a thomhas.
Gníomh an pháiste...
Éisteann páiste le sainmhínithe agus le cur síos ag úsáid tuine, gothaí agus roinnt focal a thuigtear chun na príomh-theachtaireachtaí a léirmhíniú.
Tugann an páiste aird ar eolas a chuirtear i láthair ar théacs (leabhair, fuaim etc).
Gníomh an pháiste...
Tugann an páiste aird ar chumarsáid bhriathartha agus neamhbhriathartha i gcomhthéacsanna éagsúla.
Éisteann an páiste le daoine nach bhfuil aithne acu orthu ag caint agus ag léiriú focail/frásaí nua.
Díríonn a aird ar an bhfuaimniú ceart ó thaobh na canúna de.
Tréithe Breise Gaeilge:
Éisteann an páiste le cainteoirí dúchais ó áiteanna eile sa tír, ag aithint focal/fuaimeanna atá difriúil leis na cinn a úsáideann siad féin.
Gníomh an pháiste...
Faigheann an páiste léargas ó bheith ag éisteacht le heolas nua ar réimse leathan ábhar.
Gníomh an pháiste...
Éisteann an páiste le heolas á chur i láthair ó dhá thaobh d’argóint.
Gníomh an pháiste...
Éisteann an páiste go cúramach le daoine eile, ag teacht isteach le ceisteanna, léargas agus tuairimí.
Forbraíonn an páiste a scileanna éisteachta a thuilleadh trí pháirt a ghlacadh i gcomhráite agus le téacsanna ó bhéal.
Éisteann an páiste le agus pléann an tionchar atá ag cultúr, féiniúlacht, mar atá cúrsaí faoi láthair, cuspóir agus lucht éisteachta ar an mbealach a ndéanann daoine cumarsáid.
Gníomh an pháiste...
Glacann an páiste le agus déanann measúnú ar a stíl éisteachta agus labhartha ar leith agus stíl daoine eile.