Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
A aithint go n-athraíonn an stíl chainte ag brath ar an ngaol idir daoine agus ar an lucht éisteachta, agus tuiscint a léiriú ar riachtanais an éisteora. Comhráite ar thopaicí pearsanta agus ar thopaicí curaclaim a thosú,a leanúint, páirt a ghlacadh iontu agus daoine eile a fhreagairt i bhfocail nó go neamhbhriathartha, le tacaíocht de réir mar is gá. |
Leas a bhaint as teanga cuí chun comhráite ar thopaicí pearsanta agus ar thopaicí curaclaim a thosú, a bheith páirteach iontu agus leanúint leo. Tuin oiriúnach chainte agus scileanna cuí léirithe a úsáid a oireann don lucht éisteachta. |
Teanga a úsáid go solúbtha agus go comhbhách nuair a bhítear ag tosú, ag cothú agus ag dul i mbun comhráite ar thopaicí pearsanta agus iad siúd atá bunaithe ar an gcuraclam. Stíl, tuin, luas, stór focal, gothaí gnúise agus comharthaíocht choirp a chur in oiriúint do lucht éisteachta éagsúil agus iad i mbun cumarsáide ó bhéal i réimse de sheánraí. |
An tionchar a bhíonn ag cultúr agus féiniúlacht ar an tslí a ndéanann daoine cumarsáid lena chéile ó bhéal agus go neamhbhriathartha a fhiosrú. Éisteacht agus labhairt go muiníneach, go neamhspléach agus go hoilte chun comhoibriú le daoine eile agus chun aiseolas, smaointí, cinntí agus torthaí a chomhroinnt le réimse de lucht éisteachta. |
|
Gaeilge a úsáid go muiníneach chun oibriú i bpáirt le daoine eile agus torthaí na hoibre a roinnt le lucht éisteachta a aithníonn siad agus nach n-aithníonn siad. |
|||