Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearachaTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
Céim 2Rang a haon agus a dóTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 3Rang a trí agus a ceathairTrí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann |
Céim 4Rang a cúig agus a séTrí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann |
|
a aithint go n-athraíonn an stíl chainte ag brath ar an ngaol idir na daoine agus ag brath ar an lucht éisteachta. feidhmiú mar chuid de ghrúpa agus roinnt focail/frásaí Gaeilge á n-úsáid. |
leas a bhaint as noirm shóisialta chuí chun comhrá gearr a thosú, taitneamh a bhaint as, agus le tacaíocht ó chainteoir a bheith ábalta é a choimeád ar siúl ag úsáid roinnt focail/frásaí Gaeilge in abairt Bhéarla agus/nó Ghaeilge in éineacht le geáitsí chun eolas i dtaobh ábhar nó eispéireas a bhfuil cur amach aige air a roinnt. focail agus frásaí Gaeilge a úsáid laistigh de ghníomhaíochtaí páirteacha. |
gnásanna sóisialta teanga a úsáid agus tús á chur le comhrá nó páirt á glacadh i gcomhrá bunaithe ar ábhar pearsanta agus ar ábhair an churaclaim. |
gnásanna sóisialta teanga a úsáid agus tús á chur le comhrá nó páirt á glacadh i gcomhrá bunaithe ar ábhar pearsanta agus ar ábhair an churaclaim, agus teanga a úsáid go muiníneach chun oibriú i bpáirt le daoine eile. stíl agus tuin chainte a chur in oiriúint do lucht éisteachta agus do chuspóirí éagsúla i réimse seánraí labhartha. |