This search input has a predictive search function. When 3 letters or more are entered, a number of predictive results appear in a dropdown. Use arrow keys to navigate and use the enter key to go to the page highlighted.
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann
Céim 2
Rang a haon agus a dó
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann
Céim 3
Rang a trí agus a ceathair
Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann
Céim 4
Rang a cúig agus a sé
Trí eispéiris chuí foghlama tharraingteacha, ba cheart go mbeadh páistí in ann
Stór focal cuí a shealbhú chun tacú le tuiscint ar théacs, go neamhspleách nó i bpáirt.
Labhairt faoi stór focal nua léitheoireachta agus é a úsáid de réir mar a thagann sé chun cinn trí tharraingt ar chomhthéacs, focail le brí ionann agus focail leis an bhfuaim chéanna ach le brí dhifriúil chun cabhrú leis an tuiscint.
Stór focal cuí a shealbhú chun tacú le tuiscint ar théacs go neamhspleách.
Réimse de straitéisí stór focal a úsáid chomh maith le heolas ar chomhchiallaigh agus Frithchiallaigh
Frithchiallach is ea focal atá contrártha le focal eile, m.sh. maith agus olc.
chun brí focal agus frásaí nua a shoiléiriú agus a phlé de réir mar a thagann siad chun cinn.
Réimse leathan de straitéisí stór focal agus eolas ar chomhchiallaigh, Frithchiallaigh
Frithchiallach is ea focal atá contrártha le focal eile, m.sh. maith agus olc.
, Comhainmneacha
Focail a fhoghraítear mar a chéile ach nach ionann a mbrí, m.sh. cóir agus comhair, suí agus saoi, téigh agus téigh.
, Táthmhíreanna
Moirféimí is ea táthmhíreanna a cheanglaítear de fhréamhfhocal chun focal nua a dhéanamh m.sh. tóg+álaí, mí+shona nó chun foirm eile d’fhocal a dhéanamh m.sh. múinteoir+í, rith+ dh. agus Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
a úsáid go solúbtha agus go muiníneach chun focail/frásaí nua i dtéacsanna a phlé agus chun brí a bhaint astu.
Gníomh an pháiste...
Éisteann an páiste le focail agus frásaí nua a seasann téacs dóibh, múnlaithe ag duine eile.
Gníomh an pháiste...
Éisteann an páiste leis an múinteoir ag fuaimniú focal agus frásaí nua a bhíonn ag teastáil chun téacsanna a léitear dó a thuiscint, agus déanann spraoi le roinnt acu sa léitheoireacht éiritheach agus é/í á rá arís is arís eile.
Gníomh an pháiste...
Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht le réimse téacsanna a léitear os ard agus déanann focail agus frásaí nua a athrá sa léitheoireacht éiritheach.
Gníomh an pháiste...
Sealbhaíonn an páiste stór focal nua agus é/í ag éisteacht leis an múinteoir ag fuaimniú focail agus frásaí nua agus léiríonn roinnt tuisceana de réir a chéile.
Tréithe Breise Gaeilge:
Éisteann an páiste le focail/frásaí óna gcanúint féin.
Gníomh an pháiste...
Sealbhaíonn an páiste focail agus frásaí nua ó réimse téacsanna teagaisc agus neamhspleácha agus ón múinteoir agus labhraíonn ar an mbrí atá leo.
Úsáideann an páiste roinnt focal nua mar fhreagairt ar théacsanna.
Sealbhaíonn an páiste focail/frásaí nua ó bheith ag éisteacht leis an teanga á labhairt i gcomhthéacsanna difriúla agus ag cainteoirí eile Gaeilge seachas an múinteoir.
Tréithe Breise Gaeilge:
Éisteann an páiste le focail/frásaí óna gcanúint féin agus ó chanúintí eile sa léitheoireacht.
Tosaíonn an páiste ag aithint difríochtaí idir teanga labhartha agus teanga i gcló.
Gníomh an pháiste...
Úsáideann an páiste réimse straitéisí chun focail nua i dtéacsanna a thuiscint agus a phlé agus tuigeann gur féidir an smaoineamh céanna a chur in iúl le frásaí difriúla.
Gníomh an pháiste...
Aithníonn agus úsáideann an páiste focail agus frásaí nua mar is cuí i gcomhthéacsanna éagsúla agus tosaíonn ar fhoclóirí a úsáid chun teacht ar bhrí focal.
Aithníonn an páiste roinnt comhchiallach, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna agus fréamhfhocal.
Gníomh an pháiste...
Úsáideann an páiste foclóirí agus foinsí tagartha eile chun chun teacht ar bhrí focal.
Baineann an páiste úsáid mhuiníneach as raon straitéisí chun focail nua a thuiscint, lena n-áirítear eolas ar chomhchiallaigh, contrárthachtaí agus Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
.
Gníomh an pháiste...
Úsáideann an páiste teasárais agus foinsí eile tagartha chun brí focal a aimsiú agus a úsáid trasna an churaclaim.
Gníomh an pháiste...
Aithníonn an páiste Comhchiallaigh
Comhchiallach is ea focal a bhfuil an chiall chéanna aige le focal eile, nó ciall atá cosúil leis, m.sh. áthasach, sona, sásta. , Comhainmneacha
Focail a fhoghraítear mar a chéile ach nach ionann a mbrí, m.sh. cóir agus comhair, suí agus saoi, téigh agus téigh.
, contrárthachtaí, réimíreanna, iarmhíreanna, agus Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
i dtéacsanna agus déanann sé cur síos orthu.
Gníomh an pháiste...
Úsáideann an páiste straitéisí éagsúla chun brí a bhaint as focail i dtéacsanna.