Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Fónaic, aithint focal agus staidéar ar fhocail

< Ar ais go dtí Léitheoireacht

Fónaic, aithint focal agus staidéar ar fhocail

Phonics, word recognition, and word study

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt comharthaí, siombailí agus focal.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt litreacha óna ainm féin agus aithníonn roinnt focal agus lógónna atá sa timpeallacht bunaithe ar a gcruth.

Léirmhíníonn an páiste comharthaí agus siombailí thart timpeall air nach litreacha iad.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus ainmníonn an páiste litreacha aitheanta cosúil leo sin ina ainm féin agus sa timpeallacht agus aithníonn roinnt focal pearsanta chomh maith le focail aitheanta eile.

Nascann an páiste comharthaí nó ainmneacha clóite a bhfuil taithí aige orthu le rudaí nó le daoine.

Aithníonn an páiste roinnt cosúlachtaí agus difríochtaí idir péire pictiúr/ rudaí.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn, ainmníonn agus fuaimníonn an páiste roinnt litreacha sa chás íochtair agus sa chás uachtair, agus tosaíonn ar fhóinéimí a chumasc.

Aithníonn an páiste roinnt focal ardmhinicíochta i gcomhthéacsanna aitheanta agus úsáideann litir nó dhó, go minic an chéad cheann agus an ceann deiridh, chun focail eile a aithint.

Úsáideann an páiste ciúnna pictiúrtha chun roinnt focal a léamh.

Tréithe Breise: Tosaíonn an páiste ag aithint gutaí fada agus gutaí gairide. Tosaíonn an páiste ag ceangal litreach/ litreacha (graiféimí) le fuaim - ag díriú ar an litriú simplí/coitianta i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge, ag brath ar chanúintí.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn agus fuaimníonn an páiste gach litir sa chás íochtair agus sa chás uachtair, aithníonn fuaimeanna gutaí gearra agus fada, cumascann  Fóinéim
An t-aonad foghair is lú i bhfocal. Tá dhá fhóinéim san fhocal is /i/ agus /s/.Trí fhóinéim atá san fhocal cat /c/, /a/ agus /t/.
 í agus aithníonn roinnt patrún coiteann litreacha i gcás na 38/42 bunfhuaim Ghaeilge.

Léann an páiste réimse  Focail ardmhinicíochta
Focail a fheictear go minic i dtéacsanna, m.sh. agus, an, na, tá, siad, le, is, sa, is maith, chun, agus mar sin de.
 agus léann abairtí gearra simplí.

Úsáideann an páiste ciúnna ó phictiúir agus ó abairtí chun léamh.

Gníomh an pháiste...

Aithníonn an páiste roinnt déghraf agus carnchonsan agus léann focail ina bhfuil fuaimeanna gutaí fada agus gutaí gearra.

Úsáideann an páiste a chuid eolais ar fhuaimeanna, amharcfhocail, patrúin litreacha agus ciúnna ón téacs mórthimpeall chun focail a léamh agus úsáideann roinnt straitéisí chun focail a aithint le níos mó muiníne.

Tosaíonn an páiste ag déanamh idirdhealú idir gaolta litreacha le fuaim in T1 agus T2.

Gníomh an pháiste...

Scriosann, cuireann isteach agus ionadaíonn an páiste litreacha chun focail a chruthú agus a aithint; aithníonn focail chosúla ó mheascáin dhifriúla litreacha agus léann réimse focal a bhfuil déghraif agus patrúin litreacha iontu agus roinnt a bhfuil déghraif consan agus gutaí iontu.

Gníomh an pháiste...

Léann an páiste déghraif, patrúin litreacha, agus déghraif consan agus gutaí a bhíonn ag éirí níos dúshlánaí agus úsáideann scileanna fóineolaíocha go solúbtha.

Úsáideann an páiste réimse straitéisí go solúbtha agus go muiníneach chun focail a aithint.

Aithníonn an páiste roinnt difríochtaí idir goalta litreacha le fuaim T1 agus T2.

Gníomh an pháiste...

Úsáideann an páiste a chuid eolais ar sheichimh litreacha, déghraif,  Fréamhfhocail
Focal gan aon táthmhír ná aon infhilleadh gramadaí is ea an fréamhfhocal m.sh. bus, déan, brón, tóg, fear. Féadtar go leor focal eile a chruthú ach focail fréimhe nó bunfhocail a úsáid:
focail infhillte: fréamh + infhilleadh gramadaí m.sh. busanna, déanamh.
focail dhíorthaithe: fréamh + táthmhír m.sh. brónach, tógálaí
comhfhocail m.sh. saorfhear.
 , siollaí, taoilitreacha, réimíreanna agus iarmhíreanna chun réimse níos leithne focal a aithint.

Aithníonn an páiste gaolta in T1 agus T2.

Gníomh an pháiste...

Pléann an páiste cosúlachtaí idir stór focal i nGaeilge, i mBéarla agus i dteangacha eile.

Fiosraíonn agus pléann an páiste an bunús atá le focail i réimse ábhar.

Tréithe Breise: Tosaíonn an páiste ag léiriú tuiscint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna – maidir le focal, litriú agus gramadach.

Gníomh an pháiste...

Déanann an páiste measúnú ar réimse leathan straitéisí a úsáideann sé chun focail a aithint i dtéacsanna.

Úsáideann an páiste a eolas ar theangacha chun brí a bhaint as focail, frásaí nó téacsanna i dteangacha eile.

Déanann an páiste measúnú ar an úsáid a bhaineann sé as nodanna comhréire (eolas an léitheora ar ghramadach/struchtúr na teanga) agus séimeantacha (eolas an léitheora ar fhocail ) agus téacsanna á léamh aige.

Tréithe Breise: Léiríonn an páiste tusicint ar na héagsúlachtaí idir a chanúint féin agus an Caighdeán i dtéacsanna – maidir le focal, litriú agus gramadach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.