Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
éifeachtaí bogadh cruthanna a fhiosrú. |
an tuiscint a fhorbairt gur féidir cruthanna agus mírlínte a fhrithchaitheamh, a rothlú, agus a aistriú. |
éifeachtaí na dtrasfhoirmithe ar chruthanna agus ar mhírlínte a shamhaltú agus a mhíniú. |
tabhairt faoi réimse céimeanna a bhfuil trasfhoirmithe iontu agus iad a cheapadh. anailísiú a dhéanamh ar an gcaoi a méadaítear cruthanna ar léaráidí de réir scála agus é seo a léiriú. |
|
Is féidir cur síos a dhéanamh ar ghluaiseacht na gcruthanna agus na réad ach úsáid a bhaint as focail shimplí amhail smeach, casadh agus sleamhnú. Is féidir suíomh, treoshuíomh nó méid an chrutha a athrú gan an cineál crutha atá ann a athrú. |
Cuimsítear gníomhaíochtaí ar chruthanna le trasfhoirmithe. Is féidir úsáid a bhaint as na téarmaí matamaiticiúla; frithchaitheamh, rothlú agus aistriú chun cur síos a dhéanamh ar ghluaiseacht na gcruthanna agus na réad. Léirítear cruth nó líne nuair atá sé ag an bhfad ingearach céanna ón líne scáthánach. Rothlaítear cruth nó líne nuair a chastar é thar phointe. Aistrítear cruth nó líne nuair a bhogtar é/í fad áirithe ón mbunsuíomh atá acu (gan é/í a chasadh). Tá aonaid tomhais shimplí agus/nó eangacha úsáideach chun cur síos a dhéanamh ar ghluaiseachtaí crutha agus chun na gluaiseachtaí sin a mharcáil. Tá siméadracht fhrithchaiteach ag cruth nó ag patrún más rud é go bhfanann sé mar a chéile nuair a dhéantar é a fhrithchaitheamh trí líne scáthánach. D’fhéadfadh an líne scáthánach a bheith mar chuid de chruth/de réad nó a bheith lasmuigh de. |
Rothlaítear cruth nó líne nuair a chastar é thar pointe darb ainm lár an rothlaithe. Is féidir cur síos a dhéanamh ar threo agus ar mhéid an chasaidh ach úsáid a bhaint as téarmaíocht mhatamaiticiúil agus as tomhais uillinne. Tá siméadracht rothlach ag cruth nó ag patrún más rud é go bhfuil an chuma chéanna air tar éis rothlú de níos lú ná aon chasadh iomlán amháin. Cuimsítear le teasaláid dromchla a chlúdach gan aon bhearna ná forluí, ach úsáid a bhaint as cruth geoiméadrach amháin nó níos lú. Is féidir le cruthanna agus le teaglaim cruthanna áirithe teisiliú. Is teasaláidí iad gnáth-theasaláidí de pholagáin rialta. Tá trí chineál de ghnáth-theasaláidí: triantáin, cearnóga agus heicseagáin. |
D’fhéadfadh go gcuimseofaí roinnt céimeanna le trasfhoirmithe. Is féidir na céimeanna seo a aithint, a ordú, a thaifeadadh agus a dhéanamh (ach úsáid a bhaint as teicneolaíocht nó dá huireasa). Is péirí uimhreacha iad comhordanáidí, an pointe ar an x-ais á léiriú ag an gcéad cheann agus an pointe ar an y-ais á léiriú ag an dara ceann. Nuair a thrasfhoirmítear cruthanna ar an bplána comhordúcháin is féidir a gcomhordanáidí a thuar agus a dhéanamh amach. Is féidir cruth a mhéadú. Fanann cruthanna méadaithe cosúil leis an mbunchruth maidir lena n uillinneacha comhfhreagracha agus maidir le coibhneas a dtaobhanna. |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Trasfhoirmiú
-
Moltaí maidir le heispéiris foghlama
Ábhar tacaíochta
-
-
-
-
