Torthaí Foghlama
Céim 1Naíonáin shóisearacha agus shinsearacha |
Céim 2Rang a haon agus a dó |
Céim 3Rang a trí agus a ceathair |
Céim 4Rang a cúig agus a sé |
| Trí eispéiris chuí foghlama spraíúla agus tarraingteacha, ba cheart go mbeadh an páiste in ann | |||
|
feasacht a fhorbairt ar choibhneasa ‘cuidiomlán’ trí úsáid a bhaint as réimse samhlacha (achar, fad agus tacar). |
codáin a aithint agus a ainmniú de réir a ngaol ‘cuid-iomlán’. coincheap na coibhéise a fhiosrú i dtéarmaí codáin shimplí. |
codáin a chur i gcomparáid, a chur in iúl i dtéarmaí coibhéiseacha, agus a chur in ord. codán de cháinníochtaí a ríomh agus a chur in iúl ar roinnt bealaí. |
na coibhneasa idir codáin, deachúlacha agus céatadáin a fhiosrú (a shamhaltú, a chur i gcomparáid agus a aistriú). comhréireacht agus cóimheasa cáinníochtaí (tacair) a fhiosrú. |
|
Is féidir tacair, rudaí agus spásanna a roinnt ar bhealaí difriúla. Léiríonn codáin caidrimh ‘cuid-iomlán’. Ainmnítear codáin i dtaca le líon na gcodanna nó na sciartha cothroma atá acu. |
Bíonn an luach céanna ag gach sciar cothrom de thacar. Is féidir uimhreacha a chur in iúl mar neart codán coibhéiseach. Bíonn méid níos lú ag gach sciar nuair a bhíonn líon níos mó de sciartha an iomláin acu. |
Seasann an t-uimhreoir do mhéid na gcodanna, seasann an t-ainmneoir do mhéid iomlán na gcodanna. Is féidir breathnú ar chodán mar léiriú roinnte. Cuidíonn finte codán chun coibhneas na gcodán agus / coibhéis a thaispeáint, agus nuair a bhíonn codáin á gcur le chéile nó á mbaint as a chéile. Is féidir le codáin luach níos mó ná a haon a chur in iúl. Tá uimhreoirí atá níos airde ná na hainmneoirí ag leaschodáin. |
Is féidir codáin a chur le chéile / a bhaintear as a chéile go héasca nuair atá ainmneoir coitianta acu. Is féidir codáin a chur in iúl i bhfoirm dheachúlach nó chéatadánach. Baintear úsáid as cóimheasa chun dhá shlánuimhir nó níos mó a chur i gcomparáid le chéile agus bíonn léirithe comhfhreagracha acu mar chodáin. Ní athraíonn luach an chodáin nuair a iolraítear é faoi choibhéis chodánach d’aon nó nuair a roinntear é ar cheann. D’fhéadfadh leis seo a bheith úsáideach chun coibhéis agus / nó ríomh ina bhfuil páirt ag codáin a phlé. |
-
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta
Eolaire na nÁbhar Tacaíochta: Codáin
-
-
-
-
-
