Litearthacht agus uimhearthacht
Tá an litearthacht agus an uimhearthacht i measc na scileanna is tábhachtaí a mhúintear sna scoileanna. Gan scileanna litearthachta agus uimhearthachta is deacair do dhaoine saol tairbhiúil sásúil a bheith acu agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.
In 2011, sheol an Roinn Oideachais a straitéis náisiúnta ar mhaithe le scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú i measc páistí agus daoine óga.
Seo a leanas na cúig réimse ina ndéanfar beart láithreach:
- Forbairt ghairmiúil níos fearr do mhúinteoirí
- Níos mó ama a chur ar fáil chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta a mhúineadh
- Feabhsú a dhéanamh ar na modhanna measúnachta ar ghnóthachtáil páistí sa litearthacht agus san uimhearthacht
- Feabhsú ar an tslí ina dtuairiscítear dul chun cinn páistí
- Comhoibriú le riar na staidéar measúnachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Léigh tuilleadh mar gheall ar Literacy and Numeracy for Learning and Life: The National Strategy to Improve Literacy and Numeracy among Children and Young People, 2011 – 2020.