An tSean-Ghréigis I Sean-Ghréigis na hArdteistiméireachta déantar staidéar ar theanga, litríocht, stair, ealaíne agus ailtireacht na Sean-Ghréige. Cuirtear an bhéim ar shaothair na scríbhneoirí móra, leithéidí Homer, Plato, Sophocles agus Euripedes, a léamh. Ní mór do scoláirí Ardleibhéal ceapadóireacht a dhéanamh ón teanga choiteann go Gréigis agus níos mó den litríocht Ghréigise a léamh ná mar a iarrtar ar scoláirí Gnáthleibhéal. I scrúdú scríofa a dhéantar an tSean-Ghréigis a mheasúnú. Cuirtear páipéir dhifriúla Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal ar fáil. Siollabas Sean-Ghréigise na hArdteistiméireachta