Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa seo de chuid na sraithe sóisearaí, Bia blasta, ar scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla a fhorbairt trí cheithre shnáithe nasctha. Is iad na ceithre shnáithe a chuirtear i láthair anseo ná: Cothú, Cá as a dtagann bia? Ithe sa bhaile agus Ithe amuigh.

Snáithe 1: Cothú. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi mhothúcháin an ocrais agus an tarta. Fiosraíonn sé bia agus deoch sláintiúil agus míshláintiúil agus céard is aiste bia cothromaithe ann. Díríonn an scoláire freisin ar a riachtanais aiste bia aonair féin.

Snáithe 2: Cá as a dtagann bia? Sa snáithe seo, tugtar deiseanna don scoláire iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla bia agus a phobal áitiúil agus níos leithne a fhiosrú. Fiosraítear freisin bia as timpeall an domhain trí na céadfaí.

Snáithe 3: Ithe sa bhaile. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi chineálacha éagsúla béilí agus na bianna a bhaineann leo. Úsáidtear agus breisítear scileanna cumarsáide agus uimhearthachta éagsúla trí bhéile a phleanáil agus a ullmhú. Foghlaimítear freisin faoi shábháilteacht sa chistin a bhaineann le sláinteachas, agus foghlaimítear le trealamh a úsáid agus bia a stóráil.

Snáithe 4: Ithe amuigh. Cuirtear ar chumas an scoláire sa snáithe seo a chuid eolais agus scileanna maidir le hitheachán agus ól agus é ag ithe taobh amuigh den teach nó den scoil a úsáid. Foghlaimíonn sé faoi na cineálacha éagsúla eispéireas itheacháin, ag roghnú bia ó bhiachlár agus ag léiriú béasaíocht chuí.

Spreagtar obair bhuíne ar fud na gceithre shnáithe. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí foghlama praiticiúla, teagmhálacha agus ina dtugtar faoi réiteach fadhbanna le feiceáil i ngach snáithe den chúrsa. Tá deiseanna chun machnamh a dhéanamh leabaithe ar fud an chúrsa.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac-chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM[1]. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa a d’fhorbair CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais féin agus do chomhthéacs na scoile, seachas an Measúnú Rangbhunaithe, a dhéanfaidh gach scoláire a thugann faoin ngearrchúrsa seo. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt ar an tSraith Shóisearach: Gearrchúrsaí.

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín A). Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.


[1] Cuireann múinteoirí san áireamh riachtanais bheathaithe agus aiste bia an scoláire ata i mbun an chúrsa seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.