Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas Reiligiúin

Cuimsíonn an tsonraíocht teagasc, foghlaim agus measúnú in Oideachas Reiligiúin don chéad, dara agus tríú bliain san iar-bhunscoil. Dírítear san Oideachas Reiligiúin ar eolas, tuiscint, scileanna, dearcadh agus luachanna a fhorbairt chun cur ar chumas an aosa óig tuiscint a fháil ar reiligiún agus ar a ábharthacht sa saol, i gcaidrimh, sa tsochaí agus sa domhan trí chéile. Tá an tsonraíocht d’Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí bunaithe ar thrí shnáithe idirnasctha: Ceisteanna a fhiosrú, Creidimh a chur in iúl, agus Ár luachanna i mbun gnímh.


Beidh an tsonraíocht nua don Oideachas Reiligiúin á leanúint ag scoláirí chéad bhliana ó Mheán Fómhair 2019.  

Feach ar an PDF iomlán anseo