Staidéar Clasaiceach Is é ábhar Staidéar Clasaiceach na hArdteistiméireachta sibhialtachtaí na Sean-Róimhe agus na Sean-Ghréige agus an tionchar atá acu i gcónaí ar shaol an lae inniu. Áirítear air stair, litríocht, ealaín agus ailtireacht, drámaíocht agus fealsúnacht. Féadfar Staidéar Clasaiceach a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. An topaic is ea is bunaonad don dá leibhéal. Deich gcinn de thopaicí atá ceaptha don scrúdú. Déantar Staidéar Clasaiceach na hArdteistiméireachta a mheasúnú ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal, i scrúdú scríofa. Siollabas Staidéar Clasaiceach na hArdteistiméireachta