Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ealaín

Ceithre aonad atá in Ealaín na hArdteistiméireachta agus iad bunaithe ar ghnáthchleachtas amharcach an scoláire ina thimpeallacht féin. Féadann Sceitseáil Saoil, Ábhar Neamhbheo, Ceapadóireacht Shamhlaíoch, Dearadh agus Obair Cheirde a bheith ar áireamh san obair phraiticiúil. Lena chois sin, déanann scoláirí staidéar ar Stair agus Tuiscint ar an Ealaín, a chlúdaíonn Ealaín na hÉireann agus na hEorpa, agus Tuiscint ar an Ealaín.

Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

Athbhreithniú ar Shocruithe Measúnaithe le haghaidh Ealaín na hArdteistiméireachta (don chéad scrúdú in 2018)

Tá socruithe athbhreithnithe á gcur in áit do scoláirí a thugann faoi Bhliain 1 na hArdteistiméireachta i Meán Fómhair 2016 agus a dhéanann a gcuid scrúduithe in 2018, agus ó shin i leith.

Is é a bheidh san athbhreithniú ar na comhpháirteanna praiticiúla an chomhpháirt don Chumadóireacht Shamhlaíoch nó don ábhar Neamhbheo agus an chomhpháirt Ceardaíochta nó Deartha a dhéanamh mar obair chúrsa i scoileanna thar achar sínte ama. Beidh an dá chomhpháirt bunaithe freisin ar an aon tacar amháin d’ábhair spreagtha. Beidh na scrúduithe Sceitseáil Bheo-ábhair agus Stair na hEalaíne agus Tuiscint don Ealaín ann ag an am céanna sa bhliain agus atá faoi láthair.

Ciorclán 0035/2015

Ealaín na hArdteistiméireachta (Ceardaíocht san áireamh) – Frámaíocht Leasaithe Measúnachta – Socruithe do Chomhpháirt na hOibre Cúrsa ó 2018 amach