Matamaitic
Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Matamaitice ceaptha. Aithnítear sa churaclam
- na scileanna matamaiticiúla atá le sealbhú
- a mbeidh le foghlaim ag na páistí:
- Uimhir
- Ailgéabar
- Cruth agus spás
- Tomhais
- Sonraí.
Spreagtar na páistí chun dul i mbun plé, úsáid a bhaint as ábhair nithiúla, agus foghlaim ar shlí ghníomhach chomh maith le húsáid a bhaint as sainteanga na Matamaitice chun smaointe a chur in iúl.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999). Beidh curaclam nua comhtháite ar fáil do na ranganna idir na naíonáin bheaga agus rang a sé i 2023.