Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An Teicneolaíocht

I dTeicneolaíocht an Teastais Shóisearaigh féachtar ar an méid atá bainte amach ag an duine trí leas a bhaint as ábhair, próisis agus fuinneamh. Tríd an oideachas teicneolaíochta cuirtear ar chumas scoláirí sraithe sóisearaí eolas agus scileanna a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm i dtascanna oiriúnacha, le próiseas dearaidh, chun réitigh a cheapadh ar fhadhbanna. Rannchuidíonn staidéar ar an Teicneolaíocht leis na daltaí tréithe féintuilleamaí, féinmhuiníne, seiftiúlachta agus tionscnaíochta a shealbhú mar aon le feasacht agus tuiscint ar fheiniméin eolaíochta agus teicneolaíochta. Ar dhá leibhéal a dhéantar Teicneolaíocht  an Teastais Shóisearaigh a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa agus tionscadal scoláire.

Nóta: Déanfar sonraíochtaí na n-ábhar teicneolaíochta a leasú i gcéim 4 de na Forbairtí Sraithe Sóisearaí, agus cuirfear na hathruithe i bhfeidhm in 2017 lena dteastasú in 2020.