Grafaic Theicniúil I nGrafaic Theicniúil an Teastais Shóisearaigh foghlaimíonn scoláirí raon scileanna a ghabhann le fadhbanna spásúla a réiteach agus smaointe agus réitigh spásúla a chur in iúl go grafach. I nGrafaic Theicniúil, tógann scoláirí sraithe sóisearaí fíoracha céimseatúla plána agus déanann siad staidéar ar a n-airí; foghlaimíonn siad na scileanna cuí chun cumarsáid ghrafach a dhéanamh de réir na gcaighdeán agus na gcoinbhinsiún reatha, lena n-áirítear líníocht agus sceitseáil agus ríomhghrafaic. Ar dhá leibhéal a dhéantar Grafaic Theicniúil a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa ceann cúrsa. Nóta: Déanfar sonraíochtaí na n-ábhar teicneolaíochta a leasú i gcéim 4 de na Forbairtí Sraithe Sóisearaí, agus cuirfear na hathruithe i bhfeidhm in 2017 lena dteastasú in 2020. Siollabas Grafaic Theicniúil an Teastais Shóisearaigh