Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas Reiligiúnach

Cuireann an siollabas seo creat ar fáil do dhaltaí chun tuiscint a fháil ar na traidisiúin reiligiúnacha éagsúla in Éirinn agus thar lear.  Tugann sé deis do scoláirí tuiscint ar an traidisiún Críostaí, bunaithe ar eolas agus ar chritic, a fhorbairt agus féachann sé le cabhrú le scoláirí scileanna a shealbhú a chuirfidh ar a gcumas idirphlé bhríoch a bheith acu le daoine a bhaineann le traidisiúin reiligiúnacha eile agus le daoine nach mbaineann le haon traidisiún reiligiúnach. Clúdaíonn an siollabas seo an teagasc agus an fhoghlaim sa chéad bhliain, sa dara bliain agus sa tríú bliain iar-bhunscoile. Ar dhá leibhéal a mheasúnaítear é i scrúdú ag deireadh na tríú bliana –  Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal.  Dhá chomhpháirt measúnachta a bhíonn ann – obair dialainne (20%) agus scrúdú scríofa ceann cúrsa (80%).

Nóta:  Tabharfar sonraíocht nua don Oideachas Reiligiúnach sa tSraith Shóisearach isteach do dhaltaí na chéad bhliana i Meán Fómhair 2017 agus measúnófar í den chéad uair in 2020.