Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Miotalóireacht

I Miotalóireacht an Teastais Shóisearaigh tugtar túseolas do na scoláirí ar innealtóireacht ábhar agus próisis mar aon le léargas ar theicneolaíocht choimhdeach. Bunaítear é ar ghníomhaíocht phraiticiúil a fhéachann le nasc a chothú idir an bhreathnóireacht agus an ghníomhaíocht agus scileanna seiftiúlachta agus cruthaitheachta i gcomhthéacs fadhbréitigh.  Dhá phríomhchuid atá sa chúrsa: (i) Teicnící agus Dearadh, ina mbíonn an obair phraiticiúil, agus (ii) Ábhair agus Teicneolaíocht, ina múintear na prionsabail agus an teoiric theicniúil agus theicneolaíochta a ghabhann léi.

Ar dhá leibhéal a dhéantar Miotalóireacht a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa agus tionscadal scoláire.  Bíonn scrúdú praiticiúil ann ag an Ardleibhéal, leis.

Nóta: Déanfar sonraíochtaí na n-ábhar teicneolaíochta a leasú i gcéim 4 de na Forbairtí Sraithe Sóisearaí, agus cuirfear na hathruithe i bhfeidhm in 2017 lena dteastasú in 2020.