OSSP (Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil) Is é aidhmeanna OSSP sa tSraith Shóisearach na scoláirí a fhorbairt mar shaoránaigh ghníomhacha a bhfuil na tréithe seo a leanas i bpáirt acu: braistint muintearais an cumas eolas a fháil agus oibriú laistigh de struchtúr na sochaí ina maireann siad an cumas agus an fhéinmhuinín is gá chun bheith páirteach sa tsochaí dhaonlathach. Measúnófar an cúrsa reatha OSSP den uair dheiridh in 2019. Ciallaíonn sin gur i bhfoirm ghearrchúrsa a chuirfear foghlaim i dtaca le hoideachas saoránach ar fáil do dhaltaí a thosaíonn ar a gcuid iar-bhunoideachais i Meán Fómhair 2016 agus dá éis. Siollabas OSSP Treoirlínte do Mhúinteoirí