Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An tSean-Ghréigis

Díríonn an tSean-Ghréigis ar thuiscint agus meas ar theanga, cultúr agus sibhialtacht na Gréige sa tréimhse chlasaiceach a chothú sna scoláirí.

Ar dhá leibhéal a chuirtear an siollabas reatha ar fáil – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Ag an Ardleibhéal iarrtar ar scoláirí leibhéal gnóthachtála níos airde ná mar a mbítear ag súil leis ag an nGnáthleibhéal a shroicheadh i dtaca le haistriúcháin Ghréigise atá leagtha síos, agus cinn nach bhfuil, agus i gcumadóireacht, graiméar agus léamhthuiscint na Gréigise.

Measúnaítear Sean-Ghréigis an Teastais Shóisearaigh ag an dá leibhéal le scrúdú scríofa ag deireadh na tríú bliana.

Nóta: Beidh sonraíocht leasaithe ina mbeidh an Laidin, an tSean-Ghréigis agus Staidéar Clasaiceach ar fáil do scoláirí mar ábhar amháin ag tosú le lucht na chéad bhliana i Meán Fómhair 2017.