Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht Tá Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht ar cheann de na ceithre théama a úsáidtear in Aistear chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí sna chéad sé bliana. Baineann an téama seo le leanaí a bheith ag baint céille as na rudaí, na háiteanna agus na daoine timpeall orthu trí bheith ag spraoi, ag taiscéalaíocht, ag cur ceisteanna agus ag smaoineamh ar an tslí ina n-oibríonn rudaí. Trí eispéiris spraíúla, cabhraíonn Taiscéalaíocht agus Smaoineamh le leanaí ciall a bhaint as an saol timpeall orthu úsáid a bhaint as straitéisí éagsúla chun foghlaim mar gheall ar an saol smaointe agus rudaí a scrúdú le cabhair ó shiombailí dearcadh dearfach i leith na foghlama a bheith acu. Is iomaí smaoineamh agus moladh a gheofar in Aistear faoin tslí leis an modh foghlama agus forbartha tábhachtach seo a chur ar fáil do bhabaithe, do naíonáin agus do leanaí beaga. Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht