Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

I mbun cumarsáide

Tá I mbun cumarsáide ar cheann de na ceithre théama a úsáidtear in Aistear chun cur síos a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí sna chéad sé bliana. Déantar cur síos ann ar an tslí ina roinneann leanaí a gcuid taithí, smaointe agus  mothúchán le daoine eile ar shlite éagsúla. Sa téama I mbun Cumarsáide féachtar le heispéiris spreagúla spraíúla a thabhairt do leanaí le cabhrú leo 

  • úsáid a bhaint as cumarsáid neamhbhriathartha
  • úsáid a bhaint as an teanga
  • ciall a bhaint as an saol tríd an teanga
  • iad féin a chur in iúl ar shlite cruthaitheacha samhlaíocha.

Is iomaí smaoineamh agus moladh a gheofar in Aistear faoin tslí leis an modh foghlama agus forbartha tábhachtach seo a chur ar fáil do bhabaithe, do naíonáin agus do leanaí beaga.